We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Order of Business

Housing and commemorative legislation

Summary

Seán Ó Fearghaíl asks about national monuments legislation and County Kildare housing repossessions; the Taoiseach expects housing legislation later in the year and will provide an update on O’Moore Street plans.

Ba mhaith liom dhá cheist ar reachtaíocht geallta a chur ar an Taoiseach. Tá suntas ar leith ag baint leis an mBille um leachtanna náisiúnta i gcomhthéacs an comóradh 100 bliain a tharlóidh sa bhliain 2016, go háirithe timpeall Sráid Uí Mhórdha. Cathain a fhoilseofar an reachtaíocht sin? Baineann an cheist atá agam i dtaobh cúrsaí tithíochta leis an gceist a bhí ag an Teachta Ó hUiginn. Tugaim faoi deara ón eolas a thug an tAire Stáit dom le déanaí go bhfuil a lán daoine i gContae Chill Dara á ndíbirt as a dtithe ag Comhairle Chontae Chill Dara. Tá athsheilbh á ghlacadh ag Comhairle Chontae Chill Dara ar níos mó tithe ná mar atá á dhéanamh ag aon chomhairle chontae eile sa tír. Conas mar a sheasann Bille na dtithe? An gclúdóidh sé an sórt rud atá ar siúl i gContae Chill Dara?

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Is dóigh liom go mbeidh an reachtaíocht tithíochta foilsithe níos déanaí sa bhliain. Níor tháinig cinnlínte an Bhille roimh an Rialtas go dtí seo. Cuirfidh mé scéal chuig an Teachta i dtaobh cathain a bheidh sé ar chumas an Aire, an Teachta Deenihan, plean a fhoilsiú faoi Shráid Uí Mhórdha. Is tábhachtach an rud é seo. Bhíomar ag caint inné faoi thábhacht na sráide agus nithe eile a bhaineann le láithreacha eile i gcathar Bhaile Átha Cliath.

Comment on this