Irish-language legislative materials
Aengus Ó Snodaigh asks for Bills, explanatory memoranda and titles to be published simultaneously in Irish and English, while raising other legislative commitments; the Taoiseach gives updates on several measures.
Sula labhraím faoi roinnt reachtaíochta atá fógraithe, ba mhaith liom aird an Taoisigh a tharraingt ar rud a luadh anuraidh. Nuair a bhíomar ag gearán nach mbíonn reachtaíocht foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna, dúirt an tAire, an Teachta Burton, go ndéanfadh an Rialtas smaoineamh ar na meamraim míniúcháin, ar a laghad, a fhoilsiú as Gaeilge ag an am céanna. Dá mbeadh an meamram, seachas an Bille, ar fáil trí mheán na Gaeilge, cabhródh sé le Teachtaí ar an taobh seo cur le díospóireachtaí i nGaeilge. Ba mhaith an rud é freisin na teidil a fhoilsiú as Gaeilge sa phlean reachtaíochta, ionas go mbeadh sé níos éasca dúinn ceisteanna a chur as Gaeilge.
Tá sé fógartha ag an Rialtas go bhfoilseofar an Bille um aitheantas inscne - the gender recognition Bill - i mbliana. Measaim go raibh sé i gceist ag an Aire, an Teachta Burton, an Bille a fhoilsiú roimh an Cháisc. An bhfuil sé sin fós le tarlú?
Tuigim gur fhógair Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre le linn toghchán na bliana 2011 go ndéanfar reachtaíocht chun déileáil le achoimrí cíosanna a théann in airde amháin, nó upward-only rent reviews. Fuair Páirtí an Lucht Oibre comhairle ón Ard-Aighne gur féidir é seo a dhéanamh, ach fuair an Rialtas comhairle nár féidir é a dhéanamh toisc go mbeadh sé míbhunreachtúil. Is cosúil go mbeidh reafreann againn i mí Dheireadh Fómhair. An féidir déileáil leis an gceist seo, atá ag cur stop ar an Rialtas, ag an am céanna? An féidir an Bunreacht a athrú ionas go mbeidh an Rialtas in ann an reachtaíochta seo a thógáil isteach?
D'iarr mé cúpla seachtain ó shin cathain a bheidh an reachtaíocht os ár gcomhair atá ag teastáil chun ospidéal náisiúnta na leanaí nua a thógáil. An bhfuil aon dul chun cinn déanta sa chomhthéacs sin? Táimid ag tnúth le reachtaíocht chun bord nua - national paediatric hospital development board - a bhunú. Níl a fhios againn cén uair i mbliana a bheidh an reachtaíocht sin os ár gcomhair. Tá fógra curtha amach faoin ospidéal nua, ach níl an reachtaíocht ann faoi láthair chun bord a chur i gceannas ar an project.
Comment on this
Tá cúig nithe luaite ag an Teachta. Beidh tuarascáil le fáil faoin obair leanúnach atá ar siúl i dtaobh an ospidéil nua. Má chuireann an Teachta ceist ar an Aire, tabharfaidh sé freagra dó.
Tá Bille i dtaobh na leanaí ó na náisiúin nua foilsithe le fada. Ní dóigh liom go bhfuil sé oiriúnach don lá atá inniu ann. Táthar ag smaoineamh ar an mBille sin a athfhoilsiú agus leasú a chur leis. Cuirfidh mé scéal chuig an Teachta faoi sin fresin.
Níl sé i gceist go mbeidh reifreann ann faoi ardú riaracháin. Bhí sé luaite sa chlár Rialtais nach rabhamar in ann é sin a dhéanamh. Níl sé i gceist go mbeidh reifreann ann.
Tá obair ar chinnlínte an Bhille um aitheantas inscne ar siúl ag an bpointe seo. Níor tháinig siad chuig an Rialtas go fóill. Sílim go mbeidh an reachtaíocht foilsithe roimh dheireadh na bliana.
Níl a fhios agam céard go díreach a dúirt an tAire faoi na míniúcháin agus na teidil a fhoilsiú as Gaeilge ag an am céanna. Breathnóidh mé ar an méid atá ráite ag an Teachta.