Official languages amendment Bill
Deputy Ó Cuív asks when the heads of the Official Languages (Amendment) Bill will be agreed and made available for committee scrutiny. The Taoiseach says the Bill will go to committee after publication and indicates that heads should generally be referred to committees after Christmas.
I bhfianaise an fhógra a thug an Coimisinéir Teanga go bhfuil i gceist aige éirí as oifig i mí Feabhra seo chugainn de bharr easpa gníomhaíochta an Rialtais i leith na Gaeilge, cén uair atá sé i gceist ag an Rialtas glacadh le cinn an Bhille ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla? An bhfuil sé i gceist na cinn sin a fhoilsiú agus an mbeidh deis ag coiste Dála iad a phlé sula réiteofar an Bille féin?
Comment on this
Tá a fhios agam go bhfuil an coimisinéir chun éirí as a phost mar chonaic mé an ráiteas a d'fhoilsigh sé. Tá sé ar intinn ag an Aire fógra poiblí a fhoilsiú i dtreo agus gur féidir coimisinéir nua a thoghadh agus a chur ina áit. Má tá fonn ar an Teachta go mbeidh díospóireacht sa Teach anseo nó ag an gcoiste, ba chóir é seo a phlé ag cruinniú na nAoirí amárach. Má chuireann an Teachta scéal chuig an Príomh Aoire, déanfaidh sé sin.
Comment on this
I asked the Taoiseach specifically about a piece of legislation. What I asked him, if he does not understand the first official language, is when the heads of the official languages (amendment) Bill will be agreed by Government and whether it was intended in the new process to publish those heads to allow for debate on them before the Bill is prepared.
Comment on this
We do not deal with Government business but we can ask if the Bill is going to be referred to a committee.
Comment on this
Tuigim an príomh teanga go maith agus tuigim go maith céard atá i gceist ag an Teachta. Is féidir liom scéal a chur chuig an Teachta Ó Cuív maidir leis an mBille. Rachaidh an Bille roimh an choiste nuair a bheidh sé foilsithe agus cuirfidh mé sceál chuig an Teachta faoi sin.
Comment on this
Ní bheidh deis ag an gcoiste na cinn a phlé.
Comment on this
Could I ask the Taoiseach-----
Comment on this
An bhfuil an Taoiseach ag caint mar gheall ar an mBille nó na cinn?
Comment on this
Ba mhaith liom go mbeadh sé de ghnáth go gcuirfear na cinn faoi bhráid na gcoistí. Tarlóidh sé sin i gcás gach uile Bhille tar éis na Nollag nuair a thosóidh an chéad seisiún eile. B'fhéidir go gcuirfear cuid de na cinn chuig na coistí idir seo agus sin. Tarlóidh sé mar is gnách i gcás gach Bille tar éis na Nollag.
Comment on this
An mbeidh sé seo tar éis na Nollag?