Small schools value-for-money report
Éamon Ó Cuív asks whether a report on the value for money of small schools will be published and whether the Education Minister will meet a senior Northern politician. The Taoiseach says he will follow up on the meeting request, while the Chair rules the matter out of order.
Bhí mé chun ceist a chur ar an Taoiseach maidir leis an Consumer Bill, ach tá an cheist sin curtha air cheana féin. Gheall sé roimh an samhradh go bhfoilseofar é sa téarma seo. Tá súil agam go bhfoilseofar go luath é.
Ar ábhar eile ar fad, tá tuarascáil foilsithe ar luach ar airgead na scoileanna beaga. Is ábhar imní é seo do go leor daoine. Go deimhin féin, tá polaiteoir sinsearach Aontachtach ón Tuaisceart ag iarraidh cruinnithe leis an Aire Oideachais agus Scileanna.
Comment on this
Scríobh mé chuig an Taoiseach ar an ábhar seo. Tá diúltaithe ag an Aire an cruinniú a thabhairt dó.
Comment on this
An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas an tuarascáil sin a fhoilsiú agus a phlé sa Teach seo? An bhfuil sé i gceist ag an Aire Oideachais agus Scileanna cruinniú a thabhairt don pholaiteoir sinsearach Aontachtach atá ag lorg cruinnithe leis faoin gceist seo?
Comment on this
Tá a fhios ag an Taoiseach. Scríobh mé chuige faoi.
Comment on this
Tá sé ag caint mar gheall ar thuarascáil a bhaineann leis na scoileanna beaga.
Comment on this
Bíonn cruinnithe idir an tAire Oideachais agus Scileanna agus polaiteoirí éagsúla an t-am ar fad. Tá sé iontach báúil do chruinnithe le polaiteoirí ón Tuaisceart. Níl a fhios agam an raibh am aige cruinniú a eagrú sa chás seo. Níl mé ag caint ar son an Aire anseo. Freastalaíonn sé ar chruinnithe Thuaidh-Theas go minic agus nuair is gá. Tá sé an-bháúil do chruinnithe a bhaineann le cúrsaí oideachais trasTeorann. Labhróidh mé leis i dtaobh iarratas an Teachta agus cuirfidh mé scéal chuige.
Comment on this
Scríobh mé chuig an Taoiseach mí ó shin. Iarradh an cruinniú seo i mí Meán Fhómhair seo caite.