We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Order of Business

Official languages legislation

Summary

Gerry Adams raises the Official Languages Bill and the vacancy of the Language Commissioner, while the Taoiseach says a new appointment process is under way and the Bill will be published this session.

Tá cúpla ceist agam maidir le reachtaíocht atá fórógartha - the official languages Bill. D'fhógair an Coimisinéir Teanga ag tús mí na Nollag go raibh sé i gceist aige éirí as a phost. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin as an mhéid a rinne sé ar son na teanga. Tá sé tábhachtach mo imní a léiriú fosta maidir leis an easpa measa atá ag an Rialtas d'Acht na dTeangacha Oifigúla agus do ról an choimisinéara. An bhfuil an Rialtas ag fanacht go dtí go mbeidh an reachtaíocht seo curtha i bhfeidhm chun Coimisinéir Teanga nua a cheapadh? An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas coimisinéir nua a ainmniú sular gcuirtear an reachtaíocht sin i bhfeidhm? An mbeidh sé seo pléite sa Dáil?

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Tá an próiseas ar siúl chun Coimisnéir Teanga nua a cheapadh. Tá níos mó na 20 iarratas curtha isteach. Tabharfaidh an tAire Gaeltachta faisnéis don Teach nuair a bheidh sé réidh. Tá Bille na dTeangacha Oifigiúla le foilsiú sa seisiún seo agus déanfar plé air anseo sa Dáil.

Comment on this