We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Comóradh 1916

408. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh an t-ionad eolais ag Teach an Phiarsaigh, Ros Muc, tógtha in am do chomóradh 100 bliain Éirí Amach 1916; an mbeidh maoiniú ar fáil nuair a thiocfar timpeall na moille reatha; agus cén fáth go bhfuil moill leis an togra seo atá geallta le blianta anuas. [19145/14]

Comment on this
Dinny McGinley Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Fine Gael

Tá Coiste Stiúrtha bunaithe ar a bhfuil ionadaíocht ó na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear mo Roinn féin, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae na Gaillimhe, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Fáilte Éireann, chun an togra seo a stiúradh le cinntiú go mbeidh sé curtha i gcrích laistigh den amscála atá beartaithe. Chuige sin tá na céimeanna cuí, a bhaineann go príomha le cúrsaí pleanála, cúrsaí suímh agus nithe gaolmhara eile, á dtógáil faoi láthair chun an togra a bhrú chun cinn. Tá €0.5m curtha ar fáil i Vóta mo Roinne i mbliana don togra seo agus táim ag súil go mbeidh maoiniú dóthanach ar fáil don togra idir na páirtithe leasmhara éagsúla. Ní miste dom a rá fosta nach bhfuil aon mhoill leis an obair seo ach go bhfuil lán comhoibriú agus lán tacaíocht ann ó na páirtithe leasmhara éagsúla le cinntiú go gcuirfear an togra i gcrích in am do chomóradh 100 bliain Éirí Amach 1916.

Comment on this