We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Soláthar Aersheirbhísí

417. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an aersheirbhís go dtí Oileáin Árann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19719/14]

Comment on this
Dinny McGinley Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Fine Gael

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag déanamh tagairt do staid reatha an chonartha chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí. Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil an conradh reatha i bhfeidhm go dtí an 30 Meán Fómhair 2014. Tá rogha síneadh bliana a chur leis ar na coinníollacha céanna is a bhaineann leis an gconradh atá ann faoi láthair.

Mar is eol don Teachta, tá athbhreithniú á dhéanamh ag mo Roinn ar riachtanas na seirbhíse aeir i gcomhréir le rialacha an Aontais Eorpaigh. Ina thaobh sin de, dírím aird an Teachta ar fhreagraí a thug mé ar Cheisteanna faoin ábhar seo cheana, ar a n-áirím Ceist Uimh 38 den 6 Márta 2014.

Comment on this