We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Seirbhísí Eitilte

74. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige síneadh a chur le conradh Aer Árann le seirbhís aeir a chur ar fáil chuig Oileáin Árann, agus na moltai atá sa tuarascáil a foilsíodh le gairid agus an t-achar gearr atá fágtha sa gconradh reatha mura gcuirtear síneadh leis á gcur san áireamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24067/14]

Comment on this
Dinny McGinley Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Fine Gael

Mar is eol don Teachta, d'fhoilsigh mé an tuarascáil athbhreithnithe a rinne EY ar an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí ar an 28 Bealtaine. Tá an tuarascáil curtha ag mo Roinn faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh 1008/2008/EC.

Beidh na moltaí atá sa tuarascáil á scrúdú go mion ag mo Roinn sa tréimhse atá romhainn sula dtógtar cinneadh maidir leis an gcéad chéim eile. Tá an conradh aerseirbhíse reatha i bhfeidhm go 30 Meán Fómhair 2014 agus tá sé de rogha ag mo Roinn síneadh bliana a chur leis.

Comment on this