We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Cruthú Fostaíochta

29. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24461/14]

Comment on this
Dinny McGinley Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Fine Gael

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh 5 den 17 Aibreán 2014. Mar a thug mé le fios san fhreagra sin, tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur cruthaíodh 616 post nua in 2013 i gcliant-chuideachtaí de chuid an Údaráis sa Ghaeltacht. Ag deireadh na bliana sin, bhí 7,650 post i gcliant-chuideachtaí de chuid an Údaráis, lena n-áirítear 6,970 post lánaimseartha agus 680 post páirtaimseartha. Tuigim ón Údarás fosta gurb é an sprioc fostaíochta atá ag an eagraíocht do 2014 ná 520 post nua a chruthú agus go bhfuil siad sásta go mbainfear an sprioc fostaíochta sin amach.

Comment on this