Ballymurphy inquest motion
Gerry Adams seeks the promised all-party motion on the Ballymurphy killings; the Taoiseach says he will bring a draft to Government the following week and facilitate the families’ attendance.
Tá dhá cheist agam, ceann maidir le Baile Uí Mhurchú. Mar atá a fhios ag an Taoiseach, dhá mhí ó shin mar fhreagra ar cheist a chur mé, dúirt an Taoiseach go raibh sé tiomanta de bhunú rún uilepháirtí ar an cheist seo. Gheall sé go raibh sé chun rún a dhréachtú agus a chur i láthair. Mar is eol don Taoiseach, dúirt Rúnaí Stáit na mBreataine, Theresa Villiers, nach raibh sí chun fiosrúcháin a bhunú maidir le marú 11 duine i mBaile Uí Mhurchú i 1971. Tá sé in am rún a thabhairt os comhair na Dála agus tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh. An tseachtain seo caite dúirt an Taoiseach arís go raibh sé ar intinn aige rún a fhoilsiú an tseachtain seo. Tuigim go mbeidh teaghlaigh Bhaile Uí Mhurchú i láthair sa Dáil don rún agus beidh an Taoiseach ag cur fáilte roimh na teaghlaigh. An féidir leis an Taoiseach níos mó eolas a thabhairt dom maidir leis seo?
The programme for Government promised to enhance the quality of life for people with disabilities and to allocate resources accordingly. In February of last year, the Government scrapped the mobility allowance scheme and the motorised transport grants which were found not to comply with the Equal Status Act 2000 and the Disability Act 2005. The Ombudsman recommended that the scope of these schemes be widened and the criteria of the Equal Status Act 2000 be applied positively. Instead, however, the Government scrapped the schemes. The Government committed 16 months ago to legislate for a new scheme because now it is actively discriminating against citizens with disabilities. Where stands this commitment and where is the promised legislation?
Comment on this
In response to the Deputy's second question, the health (transport support) Bill is due later in the year and will deal with the matter in respect of disability.
Maidir leis an gcéad cheist a chuir an Teachta orm, bhí sé ar intinn agam é sin a chur os comhair an Rialtais inniu, ach tháinig mé ar ais go déanach oíche aréir – bhí mé san Liobáin leis na saighdiúirí ansin. Tabharfaidh mé isteach é an chéad seachtain eile agus cuirfidh mé eolas chuig an Teachta agus don Fhreasúra faoin rún i dtreo is go mbeidh cead ag muintir Bhaile Uí Mhurchú a bheith anseo i rith na díospóireachta. Tabharfaidh mé eolas don Teachta freisin maidir leis an am a bheidh an díospóireacht sa Dáil. Tá a fhios ag an Teachta go mbeidh mé ag bualadh leis agus leis an leas príomh-aire an tseachtain seo chugainn, sílim, ag 6.30 p.m. Beidh sé curtha os comhair cruinniú an Rialtais an tseachtain seo chugainn agus tabharfaidh mé eolas don Fhreasúra maidir leis an rún agus an t-am a bheidh ann don díospóireacht.