We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Acht na dTeangacha Oifigiúla

266. D'fhiafraigh Deputy Robert Dowds den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014 a leasú chun (a) foráil nua a chur san Acht go mbeidh ar a laghad deich faoin gcéad de na fostaithe sa státseirbhís in ann cumarsáid shásúil a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge, agus (b) foráil nua a chur san Acht go mbeidh faoi dheireadh 2016 gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28142/14]

Comment on this
Dinny McGinley Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Fine Gael

Tar éis an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, d'fhoilsigh mo Roinn Cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 i mí Aibreáin. Déantar foráil i gCeann 6 den Bhille beartaithe do leasú ar alt 13 den Acht. Is é a bheidh i gceist leis sin ná fo-alt nua a chur isteach in alt 13(2), ina ndeirtear go sonrófar i scéimeanna teanga na poist i gcomhlachtaí poiblí a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge ag gabháil leo. Léirítear leis an leasú sin cinneadh Rialtais an 30 Deireadh Fómhair 2013 i ndáil le deireadh a chur le marcanna bónais a bhronnadh as oilteacht Ghaeilge in earcaíocht agus comórtais ardaithe céime na Státseirbhíse agus córas nua bunaithe ar inniúlacht a chur ina áit, a mbeidh sé mar aidhm aige an líon dátheangach feidhmiúla sa Státseirbhís a mhéadú. Ina theannta sin, ba chóir a thabhairt faoi deara go sonrófar i bpleananna fórsa oibre Ranna agus Oifigí Rialtais amach anseo na poist/réimsí oibre ina mbeidh gá le baill foirne atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúil. Ag féachaint do chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, iarrtar ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó ag freastal ar na ceantair sin.

Tuigtear dom ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go raibh sé ar intinn triail a bhaint as na socruithe nua sa chomórtas earcaíochta Oifigigh Feidhmiúcháin (OF). Mar gheall go bhfuil áit tosaíochta á tabhairt anois do chomórtas Oifigigh Chléireachais (OC), áfach, agus nach mbeidh an comórtas OF á reáchtáil go dtí tráth níos faide anonn sa bhliain, tá na socruithe nua á dtriail sa chomórtas OC atá ar siúl faoi láthair ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé beartaithe go mbunófar fo-phainéal de dhaoine atá dátheangach atá feidhmiúil sa Ghaeilge, a dhéanfaidh suas céatadán, suas le 6%, den phainéal OC foriomlán. Ní mór do na hiarrthóirí a cheapfar ón bpainéal seo raon iomlán seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Ní miste a chur in iúl chomh maith go n-éilítear ar chomhlachtaí poiblí, de réir alt 13(d) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus a bpleananna teanga á n-ullmhú acu, a chinntiú go gcomhlíonfar na riachtanais Ghaeilge faoi leith a bhaineann le seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht.

Comment on this