We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Order of Business

Official Languages Bill

Summary

Gerry Adams presses for the Fair Deal review and raises the Oireachtas report on the Official Languages Bill; the Taoiseach promises publication, a possible Seachtain na Gaeilge debate and legislation this session.

Maidir leis an cheist chéanna, the Minister of State, Deputy Kathleen Lynch, said this morning that the review of the fair deal scheme is on the Secretary General's desk. Can we have a more definitive timeframe for when it will be published? Will the Government allocate time to debate it?

Tá ceist eile agam faoin tuarascáil seo. Ba mhaith liom ceist a chur faoin tuarascáil ón gcomhchoiste maidir le Bille na dteangacha oifigiúla. Foilsíodh an tuarascáil inné agus chuir Sinn Féin fáilte roimpi. Is rud an-mhaith í an tuarascáil seo. Tá 34 moladh ann a chuireann béim ar sheirbhísí do phobal na Gaeilge a chur ar fáil agus a chosaint. An nglacfaidh an Taoiseach agus an tAire leis na moltaí seo? Níos tábhachtaí fós, an bhfuil an Taoiseach sásta díospóireacht a chur ar siúl ar an ábhar seo anseo sa Dáil le linn Sheachtain na Gaeilge? Cathain a bheidh an Bille foilsithe ina iomlán agus os comhair na Dála? An mbeidh an Bille linn do bhliain na Gaeilge 2016?

Tá mo cheist dheireanach faoin communications regulation (postal services) (amendment) Bill. This Bill will put in place data protection measures in respect of the postcode system, Eircode, which has been years in planning. I have some concerns about the cost of it and also the threat to local placenames, which must be protected. The system is supposed to be ready for the summer. If this timeframe is feasible, when will the communications regulation (postal services) (amendment) Bill be introduced? Is the Taoiseach confident of having it passed by the Oireachtas in time for the summer start?

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Thug mé freagra don Teachta Mac Giolla Laoire faoin gceist a chur sé orm. Beidh sé sin foilsithe. Tá sé ar bhord an Rúnaí Ginearálta faoi láthair. Sílim go dtiocfaidh sé chuig an Aire go luath agus faoi cheann coícíse nó mar sin beidh sé foilsithe agus beidh díospóireacht ar siúl anseo.

Maidir leis an gceist a chuireadh orm faoi Bhille na dteangacha oifigiúla, sílim go mbeadh sé oiriúnach dá mbeadh díospóireacht anseo i rith Sheachtain na Gaeilge. Beidh mé ag caint leis an bPríomhaoire faoi sin. Foilseofar an Bille sin sa seisiún seo freisin.

Ó thaobh na ceiste a chur an Teachta orm faoi chúrsaí poist, glacadh le ceannlínte an Bhille sin ar an 3 Feabhra seo caite. Tá obair ar siúl faoi láthair chun an Bille sin a thabhairt ar ais os comhair an Choiste agus os comhair an Rialtais. Sílim go mbeidh na logainmeacha thart timpeall na tíre cosanta sa Bhille seo-----

Comment on this

Caithfimid é sin a dhéanamh.

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

-----agus tá súil againn go mbeidh sé ar cumas an Rialtais an Bille a chur i gcrích sula n-éiríonn an Dáil don samhradh.

Comment on this

Maith thú. Go raibh míle.

Comment on this