We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Order of Business

Irish-language education and legislation

Summary

Micheál Martin asks about increasing higher-level Irish participation, investment in Irish-language services and the Official Languages Bill; the Taoiseach says the legislation is scheduled this year and refers other matters to the relevant Minister.

Tá geallúint i gclár an Rialtais an méid daltaí atá ag tabhairt faoin Ghaolainn san Ardteist ag ardleibhéal a dhúbailt le linn tréimhse an Rialtais. Conas atá ag éirí leis an Rialtas maidir leis an ngeallúint sin? Cé mhéad daltaí atá ag déanamh an Ghaolainn ag ardleibhéal san Ardteist faoi láthair? Maraon le sin, tá sé soiléir sa chlár Rialtais go gcuirfí cláir infheistíochta i bhfeidhm ionas go mbeadh an Ghaolainn ar fáil i bhfad níos éasca do thromlach na ndaoine. Ar tharla é sin?

Cathain a bheidh Bille na dTeangacha Oifigiúla tríd na Dála? Deirtear sa chlár Rialtais chomh maith go mbeidh an Rialtas ag tabhairt faoi chéimeanna chun múineadh na Gaeilge a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos fearr agus é a fheabhsú, agus, nuair a bheidh sé sin déanta, go mbeidh an Rialtas sásta machnamh a dhéanamh ar chóir an Ghaolainn a bheith riachtanach don Ardteist. Ní aontaím le sin ach sin atá sa chlár Rialtais. Cad é tuairim an Taoisigh maidir le sin ag an mbabtha seo? An bhfuil an Rialtas chun aon chinneadh a dhéanamh ar sin sna míonna agus sa bhliain atá le teacht?

Dúirt an tAire, an Teachta Brendan Howlin, ag an deireadh seachtaine gurb an botún is mó a dhein an Rialtas, dar leis, ná deireadh a chur leis na comhairlí bailte ar fud na tíre. Bhíos i gCathair na Mart an Aoine seo caite. Bhí díomá an domhain ar thromlach na ndaoine go bhfuil deireadh curtha leis an gcomhairle baile a bhí ann. Tá an tuairim mar an gcéanna ar fud na tíre. Cathain a bheidh an reachtaíocht ag teacht os comhair na Dála chun an cinneadh sin a athrú agus na comhairlí bailte a thabhairt ar ais? Dúirt an tAire, an Teachta Howlin, go gcaithfidh an Rialtas an cinneadh sin a athrú agus iad a thabhairt ar ais. Cathain a bheidh an reachtaíocht againn?

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Ba thuairim phearsanta an Aire an tuairim sin. Tá cinneadh déanta ag an Rialtas maidir le seo agus níl an cinneadh sin le hathrú. Beidh Acht na dTeangacha Oifigiúla á thabhairt isteach i mbliana. Tá sé sa chlár reachtúil. Is féidir leis an Teachta ceist a chur ar an Aire Stáit faoin obair atá déanta ó thaobh ardú céime a thabhairt don Ghaeilge agus an infheistíocht atá á déanamh ionas go mbeidh an Ghaeilge ar fáil go coitianta ag chuile duine ar fud na tíre.

Comment on this

An bhfuil aon tuairim ag an Taoiseach é féin?

Comment on this