We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Order of Business

Constitutional Convention reports

Summary

Aengus Ó Snodaigh criticises the Government’s failure to debate the Constitutional Convention’s reports, while the Taoiseach says departmental work is continuing before debates are arranged.

Tá ceist agam maidir leis an gCoinbhinsiún Bunreachtúil. Foilsíodh an tuairisc dheireanach acu anuraidh, measaim an lá deireanach de mhí an Mhárta an bhliain seo caite. Tá beagnach 12 mí imithe tharainn ach fós nílimid tar éis 14, nó ar a laghad 13, tuairisc a phlé. Gealladh dúinn go mbeadh díospóireacht nó, ar a laghad, freagra ón Rialtas againn lastigh de cheithre mhí ó foilsíodh na tuairiscí. Faoin am seo, is masla é dóibh siúd a ghlac páirt ann. Is mise duine acusan. Experiment maith a bhí ann. Mhol mé é ag an am agus ba chóir é a dhéanamh arís, ach ní fiú tráithnín é muna bhfuilimid sásta cloí leis an amchlár. Cén uair a bheidh díospóireacht againn sa Teach maidir le cearta vóta a thabhairt do shaoránaigh ina gcónaí lasmuigh den Stát, leasú a dhéanamh ar an Dáil agus cearta eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha? Chomh maith le sin, cathain a bheidh díospóireacht againn faoin gá do choinbhinsiún eile chun déileáil le ceisteanna móra eile a bhfuil fós le plé?

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Thug me freagra ar an cheist seo cúpla seachtain ó shin. Tá obair ar siúl faoi láthair i gcuid de na Ranna maidir leis an gceist seo. Thug mé gealltanas, nuair a bheidh sé sin déanta, go mbeidh an Príomh-Aoire ag tabhairt na tuarascála chuig na Dála ionas go mbeadh díospóireachtaí ann. Tabharfaidh mé tuilleadh eolais don Teachta nuair a bheidh sé agam.

Comment on this

Tá sé seo á rá ag an Rialtas ó mhí Iúil na bliana seo caite. Cuirtear an cheist uair sa tseachtain. Ní an Fhreasúra amháin atá ag cur na ceiste ach tá Teachtaí ar bhinsí an Rialtais ag cur na ceiste chomh maith. Níl sé maith go leor ag an staid seo nach bhfuil dáta ann maidir le díospóireacht ar na tuairiscí sin. An rud a chuala muideanna ná go raibh na cinntí déanta lastigh de na Ranna agus go bhfuil an locht orthu. Ní freagra iomlán é an freagra a thug an Taoiseach. Tá a fhios agamsa go bhfuil na Ranna críochnaithe le seo. Is don Teach seo an cinneadh a dhéanamh agus ní na Ranna. Ba chóir don Aoire glacadh le seo agus na tuairiscí a chur faoi bhráid na Dála chún iad a phlé. Ba chóir don Taoiseach iarraidh ar an Príomh-Aoire é sin a dhéanamh.

Comment on this