Regional employment disparities
Seán Ó Fearghaíl welcomes falling unemployment but highlights continuing job losses outside Dublin, while the Taoiseach points to improving regional employment and government investment strategy.
Baineann an cheist atá agam don Taoiseach inniu le cúrsaí fostaíochta. Is léir go bhfuil líon na ndaoine atá dífostaithe sa tír faoi láthair ag laghdú. Fáiltímid ar fad roimhe sin. Is léir freisin go bhfuil líon na ndaoine atá fostaithe ag ardú, go háirithe anseo sa chathair seo agus sna contaetha timpeall na cathrach. Nuair atáimid ag éisteacht leis an CSO, foghlaimímid go bhfuil a mhalairt ag tarlú in iarthar na tíre, sna ceantracha timpeall an Teorann agus i gcontaetha ar nós Loch Garman agus Port Láirge, áit ina bhfuil poist fós á gcailliúnt.
In many areas outside the greater Dublin area, the retail sector continues to employ people and support employment in local communities. However, many of those jobs are part-time or otherwise temporary in nature. Dunnes Stores is our largest indigenous retailer with 107 stores nationwide, employing about 5,000 people. Many of those are in part-time, temporary employment. Some 76% of Dunnes Stores' employees are on flexible employment contracts.
In the past 30 minutes, as the Minister for Justice and Equality, Deputy Fitzgerald, completed the passage through this House of the marriage equality legislation, I was struck by the fact that such equality is exceedingly difficult for people working in Dunnes Stores. That is because those working there on zero-hour contracts cannot face into marriage and cannot get a mortgage. Among the many difficulties of operating on a zero-hour contract is that they cannot even enter into a rental agreement.
The workers have engaged with the Labour Relations Commission but Dunnes Stores, as their employer, has refused to engage. What will the Taoiseach, his Government and more particularly the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation, Deputy Bruton, do about this most unacceptable situation that primarily affects women?
Comment on this
Tá a fhios go maith ag an Teachta go bhfuil ardú céime ag teacht ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre le tamall beag anuas. Ceithre bliana ó shin, ní raibh sé ar ár gcumas poist ar bith a chruthú. Tá cúrsaí eacnamaíochta i bhfad níos láidre anois. Is fíor a rá go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí fostaíochta anseo i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Tá Luimneach ag ardú go láidir ag an bpointe seo. Tá Corcaigh agus Port Láirge ag teacht aníos freisin. Is é sin an fáth go bhfuil straitéis réigiúnach leagtha amach ag an Rialtas ó thaobh cúrsaí infheistíochta ó thíortha thar lear. Táimid ag iarraidh cabhair a thabhairt do na comhlachtaí ar fud na tíre atá in ann easpórtáil a dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuil cúrsaí talmhaíochta agus eacnamaíochta á láidriú freisin, ó thaobh na scéimeanna áirithe atá leagtha amach in áiteanna ar fud chuile chontae.
Tá a fhios agam go bhfuil suas le 500 duine ag obair sa chomhlacht a luaigh an Teachta. Ní hé seo an chéad uair go raibh stailc ag teacht, nó curtha ar bun ó thaobh vótaí na n-oibritheoirí, sa chomhlacht sin. Bhí mé ag caint le hoifigigh an cheardchumainn faoin deacracht seo le déanaí. Tá an tAire Stáit, an Teachta Nash, ag déileáil le cúrsaí dlí fostaíochta ó thaobh na n-oibritheoirí nach bhfuil conarthaí seasmhacha acu. Tá sé ag obair ar an ábhar sin faoi láthair. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil coimisiún curtha ar bun dóibh siúd a bhfuil pá íseal acu. Cuirfear tuarascáil an choimisiún sin faoi bhráid an Rialtais roimh mhí Iúil. Tabharfaidh an Rialtas freagra ar mholtaí an choimisiúin roimh an mbuiséad agus ag am an bhuiséid.
Tá na heagrais Stáit a luaigh an Teachta réidh, agus bhí siad réidh, chun déileáil am ar bith leis an gcomhlacht seo, leis na fostóirí sa chomhlacht agus go deimhin leis na hoibritheoirí sa chomhlacht. Cé go bhfuil na hoibritheoirí tar éis a gcuid vótaí a chaitheamh, tá súil agam go mbeidh siad in ann déileáil go cruinn leis an deacracht atá ann ionas go mbeidh faisnéis shoiléir agus sheasmhach ag na hoibritheoirí atá ag obair don chomhlacht seo. Tá cuid acu ag obair ann le blianta fada anuas. Ba cheart go mbeadh sé indéanta an fhadhb seo a réiteach idir an chomhlacht agus na hoibritheoirí. Muna bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh, tá na heagrais Stáit ann chun tuilleadh cabhrach a thabhairt dóibh.