Mortgage arrears and repossessions
Gerry Adams challenges the Government over rising mortgage distress and threatened repossessions. The Taoiseach says over 110,000 cases have been resolved, outlines bankruptcy reforms and a forthcoming review, and promises further arrangements and debate, while Adams and Peadar Tóibín press for stronger bank assistance and question banks’ veto power.
Gabhaim mo leithscéal leis an Taoiseach. Léifidh mé mo cheist mar chaithfidh mé a bheith an-soiléir go dtuigfidh sé an méid a bhfuil á rá agam. Feicim nach bhfuil mórán Teachtaí Dála ag baint úsáide as an tseirbhís ateangaireachta. B'fhéidir nach bhfuil fios ag daoine cad tá á rá agam, pé i nGaeilge nó i mBéarla atáim ag caint ach sin ceist eile.
Comment on this
Tuigimid go léir cad tá i gceist ag an Teachta.
Comment on this
Nuair a tháinig Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht, gheall siad tabhairt faoin ghéarchéim morgáiste. Mar an gcéanna le gearchéim fiacha an Stáit, theip ar an Rialtas go dona. Dúirt an Banc Ceannais go bhfuil 37,000 duine go dona i bhfiacha agus faoi bhrú ag an dlí anois. I mo dháilcheantair, tá na bainc ag iarraidh 249 teach a bhaint de theaghlaigh. Sin drochscéal. Nuair a foilsíodh na figiúir i mí Mheán Fómhair 2012, ní raibh ach 20,000 duine i gceist. Ní hionann scéal an Rialtais agus na scéalta faoi dhaoine atá ag cailliúint a dtithe agus atá faoi bhrú ag na bainc. Is iad seo na bainc chéanna a thug an Rialtas airgead dóibh. Rinne an Rialtas an praiseach seo. Níor chuidigh an Rialtas leis na daoine agus na teaghlaigh atá ag calliúint a dtithe lena pholasaí. Níl biseach ar an scéal nuair atá daoine ag cailliúint a dtithe gan aon áit le dul acu agus fiacha móra orthu. Ba cheart do chásanna na ndaoine seo atá i dtrioblóid a bheith réitithe. An gcuideoidh an Rialtas leis na daoine seo atá faoi bhrú agus atá imní orthu faoin Acht?
Comment on this
Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta as ucht a cheist. Tá a fhios ag gach duine go raibh cuid mhór teaghlaigh i dtrioblóid le riaráistí morgáiste. De bhua cinntí atá déanta ag an Rialtas, tá níos mó ná 110,000 dóibh réitithe. Tá cinntí agus socruithe déanta atá ag éirí leo. Tá timpeall 37,000 duine ann a bhfuil deacrachtaí acu faoi láthair. Mar a dúirt mé inné agus mé ag freagairt cheist an Teachta Martin, tá athbhreithniú déanta ag an Rialtas ar na seirbhísí atá ar fáil faoi láthair. Is fíor le rá, ó bunaíodh an insolvency agency-----
Comment on this
-----go bhfuil i bhfad níos mó socruithe déanta ag na bainc dóibh siúd a bhfuil riaráistí morgáiste agus deacrachtaí eile acu. Tá sé sin déanta. Ag éirí as an athbhreithniú atá á dhéanamh agus a bheidh críochnaithe go luath, beimid in ann cur leis na socruithe a bheidh ag fáil do gach duine chun réiteach a shroichint. Níor theastaigh ón Rialtas go dtógadh teach ar bith ó chlann ar bith. Is é sin an príomh rud. Ba chóir go mbeadh na socruithe a bheidh ar fáil luaite agus faisnéis fúthu curtha os comhair gach duine. Tiocfaimid ar ais go dtí an Teach seo i mí Aibreáin le cuid eile socruithe a theastaíonn ón Rialtas a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu. Leis sin, beimid in ann déileáil le cuid eile daoine a bhfuil deacrachtaí acu. Níl mé ag rá go mbeimid in ann socrú a dhéanamh le chuile duine a bhfuil deacrachtaí acu. Tá deacrachtaí uafásacha ag roinnt daoine agus cuid eile acu nach bhfuil baint ag a deacrachtaí lena bainc. Is é atá i gceist ná go mbeadh an méid socruithe is mó dá raibh ann riamh ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu. Tá súil againn go dtiocfaidh tairbhe as sin. Beidh seans ag an Teach agus chuile Teachta na moltaí sin a phlé nuair a thabharfaidh an tAire Stáit iad isteach an chéad mhí eile.
Comment on this
Dúirt an Taoiseach go dtiocfaidh an Rialtas isteach go dtí an Teach seo an mhí seo chugainn. Fanfaimid agus cífimid cén saghas scéil a bheidh ann ag an uair sin. D'athraigh an Rialtas an dlí chun go bhféadfadh leis na bainc tithe a thógáil ó theaghlaigh. D'athraigh an Rialtas an dlí chun é a dhéanamh níos éasca do na bainc tithe a bhaint de theaghlaigh. Tá veto ag na bainc. Thug an Rialtas an veto dóibh. Dúirt roinnt daoine nach raibh sé sin ceart, ina measc Sinn Féin. Tá sé an-soiléir go gceapann na bainc gur féidir leo faic a dhéanamh toisc nach bhfuil aon chosaint reachtaíochta ann do theaghlaigh. Banks will do what banks do. Caithfidh an Rialtas an veto a bhaint de na bainc. An mbainfidh an Rialtas an veto de na bainc agus cosaint níos láidre a thabhairt do theaghlaigh nuair a thiocfaidh an Rialtas ar ais go dtí an Teach an mhí seo chugainn?
Comment on this
Ní bhíonn tada le fáil ag na bainc má théann duine i bankruptcy. Tá a fhios ag gach duine é sin. D'athraíomar an dlí agus d'ísligh an Rialtas an méid ama a bhí ag baint leis an gcóras sin ó 12 bliain go trí bliana. Tá Bille nua luaite ag an Teachta Penrose a athródh é seo go bliain amháin. Aontaíonn cuid mhaith de na Teachtaí leis an méid sin. Tá sé sin ráite ag cuid mhaith de na Teachtaí le cúpla seachtain anuas. Chun é sin a chur i gcrích, beidh ar an Rialtas an dlí a athrú. Beidh sé sin á phlé chomh maith le na moltaí a chuirfear os comhair na Dála an mhí seo chugainn. Tá sé tábhachtach nuair a théann cás os comhair na gcúirteanna go mbeadh an cead ag an mbreitheamh - tá sé seo sa dlí faoi láthair - scrúdú a dhéanamh ar na moltaí atá déanta ag an personal insolvency practitioner, PIP, go neamhspleách.
Tarlaíonn an rud céanna leis na hoifigí neamhspleácha atá ann do na heagrais eile, i dtreo agus go mbeidh siad in ann cás a iniúchadh go cruinn agus go neamhspleách sula rachaidh ceann ar bith roimh an chúirt.
Tar éis éisteachta a thabhairt do dhaoine a bhfuil deacracht acu, sílim gur chóir go gcuirfí moltaí eile ar an mbord, agus sin atá i gceist.
Comment on this
Níl veto ann má ghlacann duine ag an bpointe seo le bankruptcy. Níl veto ar bith ag an mbanc ansin.
Comment on this
An bhfuil an Taoiseach ag iarraidh go mbeidh na daoine seo ar fad bankrupt?
Comment on this
Tá an tréimhse íslithe anois, ó 12 bliain go dtí trí bliana ag an bpointe seo. Ní mar thimpiste a tharla sé go bhfuil i bhfad níos mó ná 100,000 de na cásanna seo socraithe ag na bainc leis na húinéirí agus is maith an rud é sin, ach tá 37,000 nó 40,000 ann faoi láthair a bhfuil deacrachtaí éagsúla ag baint leo.
Tá a fhios againn cad iad na cásanna atá i gceist ansin. Chun iad siúd a réiteach, caithfimid brú a chur ar na bainc moltaí eile a chur ar an mbord i dtreo agus go mbeidh socruithe ar fáil. Mar adúirt mé, beidh cead ag an Teach díospóireacht a bheith anseo faoi na moltaí sin. Séard atá i gceist ná go mbeidh cead ag gach uile clann an teach atá acu a choimeád. An cheist atá ann ná, conas is féidir sin a dhéanamh.
Comment on this
Ba cheart go mbeadh na bainc cabhrach.