Universal healthcare implementation
Deputy Adams criticised emergency-department pressures and the delayed universal healthcare commitment; the Taoiseach said preparatory work continued but implementation would take longer than first promised.
Tá dhá cheist agam don Taoiseach. Baineann mo chéad cheist leis an gclár Rialtais agus sláinte go háirithe. Sa bhliain 2011 gheall Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre go mbeadh córas sláinte againn a bheadh bunaithe ar riachtanas amháin, seachas ar airgead. Níor tharla sé seo. Tá éigeandáil sna ranna éigeandála. Níl aon acmhainní ann agus tá na dochtúirí féin ag rá an méid seo leis an Taoiseach go poiblí. Cathain a chomhlíonfaidh an Taoiseach agus a Rialtas an gealltanas tábhachtach seo?
Gheall an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil an tseachtain seo caite go dtabharfadh sé reachtaíocht isteach chun cíosanna arda san earnáil príobháideach a smachtú le haghaidh dhá bhliain agus chun tabhairt faoi na harduithe cíosa. Cathain a foilseofar an reachtaíocht seo? An mbeidh sé mar dhlí roimh an gcéad olltoghchán eile?
Táim cinnte go ndeachaigh scéal Paudie McGahon go mór i bhfeidhm ar gach duine a bhí ag breathnú ar aréir. Dúirt an Teachta Ó Fearghaíl go raibh "cover up" ann le Sinn Féin. Ní raibh ar chor ar bith. Dúirt an Taoiseach go mbeadh ceisteanna le freagairt ag Sinn Féin. D'fhreagair mé na ceisteanna seo. Táim fíorchinnte go raibh baill Fhianna Fáil tríd na cúirteanna, agus daoine ó Fhine Gael fosta. Is í sin an fhírinne. Táimid fíorshásta nach raibh aon duine a dhein an drochúsáid ghnéasach ar Paudie á dhéanamh i m'ainmse, in ainm Shinn Féin nó in ainm na bpoblachtach. Má tá eolas ag éinne ar bith - faic ar bith, scéal ar bith ag dinnéar ar bith - caithfidh siad an t-eolas sin a thabhairt don Gharda Síochána nó do na póilíní sa Tuaisceart. Níor fhreagair an Taoiseach faic ar bith le Máirtín Mac Aonghusa faoi scéim a chur ar aghaidh chun taca a thabhairt do na daoine seo.
Comment on this
Ó thaobh chúrsaí sláinte de, tá a fhios ag an Teachta go bhfuil scéim leagtha amach ag an Rialtas chun córas amháin sláinte a bheith againn i dtreo is nach mbeadh brú ar dhuine glacadh le cúrsaí sláinte mar gheall ar an méid airgid atá acu. Tá sé ráite ag an Aire go bhfuil obair á déanamh ar an gcóras sin ach nach dtabharfar isteach é chomh luath agus a gheall an Rialtas ar dtús. Admhaíodh sin go poiblí cúpla uair cheana. Tá neart le déanamh roimh thabhairt isteach an chórais sin.
Maidir leis an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil, tá obair á déanamh aige ar chíosanna faoi láthair agus sílim go ndéanfaidh sé ráiteas poiblí faoi nuair a chuirfidh sé a mholtaí os comhair an Rialtais. Déanfar é sin faoi cheann cúpla seachtain. Tá an scéal a luaigh an Teachta Ó Fearghaíl uafásach ar fad. Tharla sé i gContae Lú, i ndáilcheantar an Teachta Mac Ádhaimh. Ba chóir dó labhairt amach faoi thithe sábháilte.