Docklands and Digital Hub legislation
Deputy Ó Snodaigh sought publication dates for legislation transferring docklands and Digital Hub responsibilities to Dublin City Council; the Taoiseach confirmed the docklands authority was being wound up and promised information on the Digital Hub.
Tá roinnt ceisteanna agam maidir le reachtaíocht atá fógartha. Cathain a bheidh an t-athrú nó an cur i leathtaobh d'Údarás Forbartha Duganna Bhaile Átha Cliath foilsithe agus á phlé sa Teach. Cathain a bhfoilseofar an reachtaíocht chun an Digital Hub a aistriú ón seasamh neamhspleách atá aige fé láthair lastigh do chúram an Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Ní fheicim é ar an gclár reachtaíochta. Bhí sé ann nuair a tháinig an Rialtas i gcumhacht. Bhí sé ann ar feadh dhá bhliain. Anois tá an cuma air go bhfuil sé imithe.
Gabhann mo chéad cheist eile le treoracha ón Aontas Eorpach. Is iad san Treoir 2014/23, Treoir 2014/24 agus Treoir 2014/25. Ba chóir go mbeadh na treoracha seo trasuithe sa dlí roimh Aibreán an bhliain seo chugainn. Gabhann siad le soláthar poiblí, fóntais agus lámhaltas. Is iad sin procurement, utilities agus concessions. Rinneadh athruithe ar an gclár SICAP, social inclusion and community activation programme, le déanaí. Dá mbeadh an reachtaíocht seo i bhfeidhm, b'fhéidir go mbeadh sé go hiomlán difriúil. Is treoracha ón Aontas Eorpach iad. Caithfimid é seo a dhéanamh, but níl sé ar an gclár oibre in ainneoin go gcaithfidh na treoracha seo a bheith trasuithe sa dlí roimh Aibreán an bhliain seo chugainn.
Comment on this
Níl eolas cruinn agam faoin rud deiridh a dúirt an Teachta. Tiocfaidh mé thar nais chuige agus cuirfidh mé scéal chuige faoi cad tá ag tarlú. Níor tháinig an tuarascáil sin faoi dhrugaí os comhair an Rialtais.
Comment on this
Ní druganna, ach duganna. The docklands.
Comment on this
Tá a fhios ag an Teach go bhfuil deireadh déanta leis an údarás sin agus go bhfuil a chuid dualgais á n-aistriú go Comhairle Bhaile Átha Cliath. Glacadh leis an tuarascáil maidir le seo inné. Is dócha go mbeifear i mbun na hoibre sin as seo amach.
Comment on this
Bhí trí cheist agam. Tá reachtaíocht de dhíth ó thaobh na duganna. Ag an am céanna, bhí an Digital Hub le haistriú go dtí Comhairle Bhaile Átha Cliath. Tá reachtaíocht i gceist leis seo chomh maith.