Written answer
Cuanta agus Céanna
741. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén plé a bhí aige nó ag a Roinn ó Dheireadh Fómhair seo caite leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus le Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le forbairt na céibhe in Inis Oírr; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5404/16]
Comment on this
Mar is eol don Teachta, thug an Rialtas €8m d’fhorbairt na céibhe ar Inis Oírr sa Phlean Caipiteal 2016-2021.
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta gur chas oifigigh ó mo Roinn le Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae na Gaillimhe agus lena chuid oifigigh, ar mhaithe leis an tionscadal seo a thosú agus a chur chun cinn. Bhí mo Roinnse i dteagmháil leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chomh maith, maidir le nithe ag éirí as.
Ceapaim go bhfuilimid uile ar aon tuairim gur áis iontach dár phobail oileánda a bheidh sa bhforbairt céibhe atá beartaithe.