Official languages draft bill
Catherine Connolly asked where the promised amendments to the Official Languages Act and any draft Bill stood. The Taoiseach said the issue would be discussed by the Government’s Irish-language committee and that he would update her afterwards.
Ba mhaith liom an Taoiseach a fháiltiú ar ais. An féidir leis soiléiriú a thabhairt dom maidir leis an bpróiseas faoi na leasuithe a bhí beartaithe i dtaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003? An bhfuil dréachtbhille i gceist? De réir mar a thuigim, bhí dréachtbhille i gceist sa Dáil dheireanach. Cá bhfuil an dréachtbhille sin anois? An bhfuil sé ar an gclár oibre?
Comment on this
Tá mé ag iarraidh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhí leasuithe beartaithe sa Dáil dheireanach. Cá bhfuil na leasuithe sin? Más rud é go bhfuil dréachtbhille i gceist, cá bhfuil sé?
Comment on this
Beidh cruinniú ag comhchoiste Gaeilge an Rialtais go luath. Pléifear an cheist atá ardaithe ag an Teachta ag an gcruinniú sin. Nuair a bheidh sé sin thart, cuirfidh mé scéal chuig an Teachta agus os comhair na Dála maidir le céard go díreach atá i gceist. Cuirfidh mé an méid atá ráite ag an Teachta in iúl don Aire Stáit agus seolfaidh sé teachtaireacht chuig an Teachta freisin.
Comment on this
Tá mé féin mar Chathaoirleach ar choiste.
Comment on this
Tá a fhios agam go mbeidh an dréachtbhille á phlé againn, ach cá bhfuil an dréachtbhille anois?
Comment on this
Ní bhfuair me aon fhreagra maidir leis an dréachtbhille.