Legislation updates
Deputy Aengus Ó Snodaigh asked for updates on several Bills, including national monuments, official languages, Digital Hub development and the children’s hospital. The Taoiseach said some heads were approved or being prepared, with the national monuments Bill likely in the new year.
Tá ceithre phíosa reachtaíochta faoina bhfuil mé ag iarraidh roinnt eolais a fháil. Is é an national monuments Bill an chéad cheann. Táimid fós ag fanacht air le tamall maith de bhlianta. Bhí sé os comhair an Rialtas dheireanaigh agus an Rialtas roimhe sin. Bhí sé luaite go raibh sé ag teacht os ár gcomhair. An bhfuil aon dul chun cinn déanta?
Bhí an official languages (amendment) Bill os comhair an choiste ag pre-legislative stage sa Dáil deireanach. An bhfuil sé i gceist dul ar aghaidh leis nó an bhfuil athdhréachtú le déanamh ar an mBille sin?
An tríú cheann ná an digital hub development agency. Táimid ag fanacht ar sin ó 2011 agus níl cuma air go bhfuil sé ag teacht os ár gcomhair. Tá sé ag cur baic ar an dul chun cinn gur féidir a dhéanamh i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ach go háirithe.
An cheathrú cheann ná ceann atá an-tábhachtach anois agus muid ag tnúth le dul chun cinn ar an ospidéal bainteach leis an new children's hospital establishment Bill. Considering that works are in progress on the site, it is strange that the new children's hospital establishment Bill, which will set up the committee and organisation to run the hospital, has still not been laid before the Dáil. When is its pre-legislative stage intended?
Comment on this
Tá ceithre cheist ansin. Iarraim ar an Taoiseach freagra gairid a chur ar achan cheann acu.
Comment on this
Tá cinneadh déanta faoi na príomh-phointí den Bhille sin ach ní thiocfaidh sé isteach sa Teach go dtí an chéad seisiún eile.
In respect of the Digital Hub Development Agency, I expect those heads before the end of the year.
The Deputy asked me about the national children's hospital. Work is proceeding on the heads of that particular Bill. I will advise the Minister to let the Deputy know when it is expected. What was the fourth Bill?