We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Order of Business

Official languages Bill

Summary

Deputy Éamon Ó Cuív asked whether a new Official Languages Bill would be introduced or the amended Bill revived. The Taoiseach said the Minister intended to bring in a new Bill.

I rith na Dála deireanaí, d'fhoilsigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Bille leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus cuireadh i gcoiste é. Ní raibh mórán glactha ag an gcoiste leis an mBille a bhí foilsithe ag an am sin. Tá ceist an-simplí agam ar an Taoiseach. An bhfuil sé i gceist ag an Aire cinn Billí nua a fhoilsiú agus iad a chur ar ais ag an gcoiste nó an bhfuil sé i gceist aici dul ar aghaidh agus an Bille leasaithe a fhoilsiú mar Bhille? Cé acu a bheidh ann: cinn Billí leasaithe nó Bille bunaithe ar an rud a bhí curtha faoi bhráid an choiste cheana?

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Ní raibh an tAire in ann an Bille deireanach a chur tríd an Teach mar ní raibh aontas ar bith ann faoi. Tá sé ar intinn ag an Aire Bille nua a thabhairt isteach. Tá sí ag obair air sin faoi láthair. Níl a fhios agam go cruinn an bhfuil sí ag obair ar na forálacha a bhí sa seanBhille, ach cuirfidh mé scéal chuig an Teachta Ó Cuív maidir leis.

Comment on this