Official languages Bill
Deputy Connolly seeks clarity on when the new Official Languages Act will come before the committee and whether a Dáil decision is needed. The Taoiseach says the junior minister will answer and urges urgent, accurate information.
Mar Chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, tá soiléiriú ag teastáil uaim ar Acht nua na dteangacha oifigiúla. Cá bhfuil sé? Go háirithe, maidir leis an gcóras, cén chaoi is féidir leis an gcoiste an tAcht nua sin a phlé? Sin atá ag teastáil uaim. Tá a fhios agam go bhfuil an tAcht beartaithe ag an Rialtas ach tá muidne ar an gcoiste ag iarraidh go dtiocfadh sé os ár gcomhair go práinneach, ionas go mbeimid in ann obair as lámh a chéile agus Acht nua a chur chun cinn. An bhfuil gá le cinneadh sa Dáil chun an tAcht nua sin a chur os ár gcomhair nó an féidir leis an Taoiseach, an tAire sinsearach nó an tAire sóisearach an cinneadh sin a dhéanamh?