Irish language requirement at NUIG
Deputy Catherine Connolly criticises NUI Galway’s decision to drop the Irish-language requirement for its next president and asks for a Government statement. The Taoiseach says the university has obligations to support bilingualism and will look into the issue.
Maidir le clár oibre an Rialtais agus go háirithe maidir le haidhmeanna an Rialtais ó thaobh na Gaeilge de, an féidir leis an Taoiseach ráiteas a dhéanamh ag eascairt as cinneadh údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bheith ag an gcéad uachtarán eile, in ainneoin gur champas dátheangach é an campas, in ainneoin gur chathair dhátheangach í cathair na Gaillimhe agus in ainneoin go bhfuil an ollscoil agus an chathair ar thairseach na Gaeltachta? Is mór an náire é, dar liom, go bhfuil an cinneadh seo déanta. An féidir leis an Taoiseach ráiteas a dhéanamh, go háirithe maidir le na dualgais atá ar an ollscoil faoi reachtaíocht éagsúla?
Comment on this
Cé go bhfuil an t-ábhar sin thar a bheith tábachtach, ní dóigh go mbaineann sé le reachtaíocht atá i-----
Comment on this
Tagann sé díreach faoi chlár oibre an Rialtais ó thaobh na Gaeilge de.
Comment on this
Sílim go bhfuil an ceart ag an Teachta go bhfuil conníollacha leagtha síos. Tá brú ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, amháin Gaeilge agus dátheangachas a bheith acu. Níl a fhios agam faoin gcinneadh atá déanta acu, ach tá brú agus dualgas ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Ghaeilge a bheith acu agus a bheith acu go líofa. Breathnóidh mé isteach ar an rud atá ráite ag an Teachta.