We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Questions on Promised Legislation

Gaeltacht education unit

Summary

Deputy Connolly asked where the promised new staffing unit for the Gaeltacht education policy had been established. The Taoiseach replied that it was not yet in place but work was ongoing in the Department and he would report back.

Tá sé leagtha amach i gCaibidil 6 den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, faoin teideal "Cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta", go mbeidh foireann speisialta earcaithe le haghaidh aonad nua sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Cá bhfuil an t-aonad sin? An bhfuil sé in áit? Cad é líon na foirne atá ann? Gheall an t-oifigeach is airde sa Roinn go mbeadh an t-aonad nua bunaithe roimh an Nollaig.

Comment on this
Enda Kenny The Taoiseach Fine Gael

Níl sé in áit faoi láthair. Tá obair ar siúl sa Roinn faoin aonad. Cuirfidh mé scéal chuig an Teachta faoin obair atá déanta ag an bpointe seo. Tá a fhios aici gur nochtaíodh agus gur foilsíodh polasaí i leith oideachais sna scoileanna Ghaeltachta - an chéad pholasaí den tsórt sin ó bunaíodh an Stát - ós rud é go raibh laghdú mór tagtha ar líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil. Cuirfidh mé an scéal sin chuig an Teachta.

Comment on this