Mental health review
Deputy Connolly asked where the promised review of A Vision for Change was, noting repeated assurances that it would be published by late February. The Taoiseach said the Minister of State was working hard on the summary and hoped the new vision would be published soon.
Baineann mo cheist le cúrsaí mheabharshláinte agus an polasaí agus fís A Vision for Change, 2006 go dtí 2016. Mar a léiríonn an tréimhse ama, tháinig sé chun deiridh breis is bliain ó shin. Go mion minic sa Dáil ó shin, tá sé geallta agus deimhnithe go bhfuil athbhreithniú ar siúl. An freagra deireanach a fuair mé ar cheist a cuireadh i mí Feabhra ná go raibh an t-athbhreithniú nua le foilsiú ag deireadh mhí Feabhra. Cá bhfuil sé? Táimid i mí an Mhárta anois, breis is bliain tar éis gur cuireadh stop leis an bhfís iontach sin nár cuireadh i bhfeidhm. Cá bhfuil an t-athbhreithniú?