Tuam memorial and investigation
Deputy Doherty again focused on Tuam, seeking publication of the second interim report and asking whether Garda and other authorities had enough resources. The Taoiseach said a proper memorial was needed, stressed the coroner and Garda were independent, and said the commission was still ongoing.
Maidin Dé hAoine thug an coimisiún fiosrúcháin ar na háras máithreacha agus naíonán sonraí maidir leis an tochailt a rinneadh níos luaithe i mbliana trínar tháinig ar méid substaintiúil de thaisí daonna ag sean-suíomh an tí máthar agus linbh i dTuaim, Contae na Gaillimhe. Coirp leanaí agus páistí ar aois suas go trí bliana a bhí ann sna taisí seo. Cuireadh ansin iad gan chúram, gan aitheantas agus gan suaitheantas. Go bunúsach, cuireadh iad i dabhach shéarachaís gan meas a thabhairt ar a ndínit daonna nó ar a suaitheantas. Tá a fhios againn uilig gur cúis náire é don náisiún seo.
Ó fuarthas na coirp seo, deimhníonn sé na heaglaí is measa a bhí ar na daoine a tháinig slán as na tithe seo agus ar na daoine atá i mbun feachtasaíochta ar a son le fada. Ba chóir adhlacadh ceart measúil a thabairt do gach corp daonna a fuarthas ansin, más é sin atá á lorg ag na teaghlaigh. Ba chóir dul sa tóir ar na daoine atá freagrach as seo agus iad a thabhairt os comhair na cúirte as na gníomhartha gránna seo a dhéanamh.
Is láthair coire atá sa suíomh i dTuaim anois. Mar sin, cad é atá á dhéanamh faoi seo anois? An bhfuil an láthair faoi chosaint ag An Garda Síochána? Go háirithe, an bhfuil básanna na leanaí and na páistí óga seo á bhfiosrú ag an nGarda Síochána? An bhfuil na hachmhainní atá de dhíth an an nGarda ann chun an fiosrúchain sin a chur i bhfeidhm? Sin a bhfuil an pobal ag lorg agus ag súil leis agus caithfidh sé a tharlú gan mhoill.
Tá an pobal ag súil fosta go ndéanfaí téarmaí tagartha an choimisiúin fiosrúcháin a leasú dá réir. Nuair a cuireadh na téarmaí os comhair na Dála seo, dúirt muidne i Sinn Féin go raibh siad lochtach agus nach raibh siad fóirsteanach ach go hiomlán mí-fhóirsteanach. Is léir an méid seo uilig anois. Tagann na Náisiúin Aontaithe leis an seasamh seo agus iad ag rá nach mbaineann an fiosrúchán mar atá sé na caighdeáin idirnáisiúnta amach agus nach gcomhlíonann sé na caighdeáin sin atá leagtha síos.
Níl i dTuaim ach ceann amháin d’institiúidí as líonra dóibh a tháinig salach ar chearta ban agus a bpáistí sa Stát seo. Tá a fhios againn anois, nuair a chuirtear na tithe contae san áireamh agus forais eile, go raibh suas le 180 institiúid san iomlán ar fud an Stáit. Sna téarmaí tagartha mar atá siad faoi lathair, ní dhéanfar imscrúdú ach ar cheithre cinn de na tithe contae.
Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar téarmaí tagartha an choimisiúin a leathnú sa dóigh is go mbeidh achan institiúid - tithe máthar agus linbh, tithe contae agus institiúidí eile ina measc - clúdaithe. Seo an t-aon bhealach teacht ar an fhírinne fá na dóigheanna diabhlaí a cleachtaíodh i dTuaim, a bhfuil muid anois níos eolaí faoi. Caithfimid é a dhéanamh go luaithe agus caithfimid na téarmaí tagartha a leathnú sa dóigh is gur féidir coimisiún Uí Mhurchú fiosrúchán iomlán a chur i gcrích.
Impím ar an Taoiseach go gcuirfidh sé ina luí ar an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige go bhfoilseoidh sí an dara tuairisc idir-thréimhseach an choimisiúin. Tuigim go bhfuil an tuairisc sin ag an Aire ó bhí mí Mheán Fómhair ann. Ba chóir go mbeadh an tuairisc sin foilsithe inniu.
Comment on this
Is é an chéad rud atá le rá ná gur cheart go mbeadh cuimhneachán ceart do na leanaí agus na gasúir óga a fuair bás san áit seo i dTuaim i gContae na Gaillimhe. Tá dualgas neamhspleách ag an gcróinéir agus ag an nGarda faoi chéard atá is ceart agus is cóir a dhéanamh as seo amach. Tá sé sin á phlé faoi láthair. Ba cheart go mbeadh dlúthcheangail ann le daoine na háite, san áireamh iad siúd atá ina gcónaí ansin agus iad san a bhfuil gaolta acu a bhí san uaigh seo, ó thaobh cibé cinneadh is féidir a dhéanamh chun an rud is fearr a dhéanamh.
Níl an coimisiún críochnaithe lena chuid oibre. Níl déanta acu ach an uaigh seo, an suíomh seo, a oscailt agus a rá go bhfuil neart agus go leor corp de leanaí agus gasúir inti.
Ag teacht as sin bhí cruinniú ag an chomhairle contae an lá cheana, 3 Márta. Iad siúd atá ina gcónaí cóngarach don uaigh seo, bhí ceangailt pearsanta le chuile duine acu. Bhí fógra curtha isteach go chuile teach go raibh cruinniú speisialta ar siúl. Bhí cuid de na daoine atá ina gcónaí ansin i láthair ag cruinniú sa halla i dTuaim. Bhí cathaoirleach an chomhairle chontae, na baill tofa den chomhairle, duine éigin ón Oireachtas agus iad siúd atá ag obair le chomairle chontae na Gaillimh ann. Is éard a bhí le plé acu ná céard is ceart a dhéanamh as seo amach agus cén stádas atá ag an uaigh seo. Is dóigh liom gur cuireadh beannachtaí ar an uaigh seo go minic sna blianta fada roimhe. Céard is cóir a dhéanamh leis an struchtúr agus le nadúr an tsuímh seo? Céard is cóir a dhéanamh leis as seo amach? Céard is ceart a dhéanamh dóibh siúd a bhí inti? An gá, mar a dúirt an Teachta, go mbeadh socraidh fhoirmeálta acu in áit éigin oiriúnach?
Céard é ról an choimisiúin as seo amach? Níl a chuid oibre críochnaithe. Níl déanta acu ach cuairt a thabhairt ar an suíomh. Céard é ról an chróinéara, An Garda Síochána agus fiú an chomhairle contae féin? Céard is cóir a dhéanamh leo siúd atá ina gcónaí go díreach cóngarach don uaigh seo? Céard atá i gceist ó thaobh an chuid ama a chaithfidh na húdaráis ag déileáil le seo? Mar a dúirt mé, níor mhaith liom cur isteach ar obair an choimisiúin. Níl sé críochnaithe. Tá dualgas agus neamhspleáchas ag an chróinéir agus ag na gardaí. Is ceart go mbeadh dlúthcheangailt idir iad, na daoine atá ina gcónaí ansin agus iad siúd a bhfuil gaolta leis na gasúir agus leanaí a fuair bás anseo. Ba mhaith liom go mbeadh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige i dlúthcheangailt leo an t-am ar fad agus go mbeadh a fhios ag gach duine sa Teach seo céard atá ag tarlú chuile lá, más gá é sin.
Comment on this
Tá cúpla ceist agam don Taoiseach. An fhoilseoidh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige an dara tuairisc idir-thréimhseach an choimisiúin atá faoi bhráid an Aire ó mhí Mheán Fómhair ann? Ba chóir go mbeadh an tuarisc sin foilsithe inniu. Sin an chéad rud.
An dara cheist a chuir mé ar an Taoiseach ná an bhfuil na hacmhainní cuí ag na húdaráis, An Garda Síochána ina measc, fiosrúchán cuí a chinntiú? Tá dualgas ar an Stát cinntiú go bhfuil na hacmhainní acu. Tuigimid go bhfuil siad neamhspleách ón Stát agus go bhfuil jab le dhéanamh acu ach tá dualgas orainn fáil amach an bhfuil na hacmhainní acu.
Bhain an triú cheist nár fhreagair an Taoiseach leis na téarmaí tagartha. Labhrann sé faoin fhírinne agus dúirt sé go gcaithfimid teacht go dtí deireadh an scéil seo chun an fhírinne a fháil amach, ach faoi mar atá sé, tá na téarmaí tagartha leagtha síos agus fúthu ní bheidh imscrúdú á dhéanamh ar suas le 160 arásáin institiúid ar fud an Stáit. Tá 180 institiúid ann, ach níl ach ach ceithre cinn leagtha síos i dtéarmaí tagartha na scrúdaithe. Tá gá ann, mar a dúirt mé ag an am, iad a leathnú.
Tá rud amháin deireanach le rá agam leis an Taoiseach. D'éist mé leis an méid a dúirt sé ní ba luaithe. Dúirt sé nár bhris na mná rialta isteach inár dtithe agus nár ghlac siad ár linbh agus gur thugamar suas iad. Tuigim, b'fhéidir, nach sin a bhí i gceist ach chuir an Stát cuid de na mná sin go dtí na hinstitiúid seo. Ní dheachaigh siad isteach dá dtoil féin. Chuir an Stát isteach iad.
Mar a tá fhios againn ó thaobh an tí i dTuaim, bhí ról lárnach ag an Stát. Cheadaigh an Roinn Sláinte an institiúid seo mar áras máithreacha agus naíonán sna 1950í agus roimhe sin. Fágfaidh mé leis seo: chuala mé an méid a dúirt an Taoiseach agus an samhnas maidir leis an méid a thit amach do na páistí agus na linbh ansin. Ach an dtabharfaidh sé leithscéal ar son an Stáit do máithreacha agus teaghlaigh na bpáistí atá curtha sa chóras séarachas ansin? Tá dualgas ar an Taoiseach níos mó ná samhnas a léiriú: tá dualgas air leithscéal a ghabháil mar gheall ar an ról a bhí ag an Stát sa phróiseas scannalach seo.
Comment on this
Ní leithscéal atá i gceist anseo ar chur ar bith. Luaigh an Teachta an dara thuairisc agus go léireodh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige an cheist sin. Is cóir go mbeadh na hacmhainní ag an nGarda agus ag na húdaráis eile. Caithfimid fanacht go mbeidh breithiúnas déanta ag an gcróinéir agus ag an nGarda ar na ceisteanna sin. Ní hé seo an t-aon áit amháin ina bhfuil siad ag cuartú agus ag déanamh fiosrúchán maidir le leanaí nó gasúir óga a bheith curtha in uaigheanna ar fud na tíre.
Tá fhios agam go bhfuil na téarmaí tagartha leagtha amach. Tá i bhfad níos mó ná an ceithre cinn seo ar fud na tíre. Mar a dúirt an Teachta, tá 160 i gceist. Nílim chun cur isteach ar obair an choimisiúin anseo. Is fíor go bhfuil áiteanna eile agus go dtabharfar iad isteach san áireamh anseo.
Cinnte tá ról ag an Stát anseo. Cuireadh isteach sna hinstitiúidí agus sna Tithe seo iad. In éineacht leis sin, cuireadh neart de na mná óga seo, na máithreacha óga seo, thall go Sasana, díbríodh amach as na paróistí iad - rud scannalach ar fad – mar bhí siad ag breith linbh. Díbríodh na mílte le blianta go dtí Meiriceá, go Sasana agus go hAlbain. Bhí sé scannalach ar fad an tslí a bhí daoine ag maireachtáil an t-am sin agus na difríochtaí sóisialta a bhí idir iad siúd a bhí acmhainní acu agus iad gan acmhainní.
Go macánta, ní mhiste liom cur isteach ar obair an choimisiúin. Tá an cuartú déanta. Tá ról ag an gcróinéir agus ag an nGarda agus go deimhin ar an údarás áitiúil. Ba mhaith liom go ndéanfaidh siad cinneadh faoi cad is cóir dóibh siúd a dhéanamh. Tabharfaidh muid freagra ón Rialtas ansin. Ní mhiste dom cur isteach ar rud atá neamhspleách agus ról acu.