Order of Business
The Ceann Comhairle called for the business committee report and Deputy Ó Snodaigh outlined the week’s agreed business. Members then debated and ultimately agreed to extend Thursday’s time for the Tuam mother-and-baby homes debate, with the Taoiseach confirming extra time and that it would continue beyond Thursday.
Táimid ag dul ar aghaidh anois go dtí an chéad phíosa gnó eile. Iarraim ar an Teachta Ó Snodaigh tuairisc a thabhairt dúinn ón gCoiste Gnó.
Comment on this
Is iad seo a leanas na socruithe atá aontaithe ag an gCoiste Gnó le haghaidh an sceideal gnó don tréimhse Dé Máirt go Déardaoin, 7 go 9 Márta 2017.
Is é gnó na Máirte ná Uimh. a4, tairiscint maidir le coimisiún imscrúdúcháin (cás Grace). Is é Gnó Comhaltaí Príobháideacha ná Uimh. 22, an Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis (Leasú) 2017 - an Dara Céim, arna roghnú ag AAA-PBP.
Is é gnó na Céadaoine ná Uimh. a4, tairiscint maidir le coimisiún imscrúdúcháin (cás Grace) (atógáil); Uimh. 9, ráitis roimh an gComhairle Eorpach; Uimh. 2, an Bille Sláinte (Leasú), 2017 – Ordú don Dara Céim agus an Dara Céim; Uimh. 10, an Bille um Cheartas Coiriúil (Pianbhreitheanna Príosúnachta Fionraithe) 2016 [Seanad] - Ordú don Tuarascáil, An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh; Uimh. 11, an Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta a bhaineann le Córais Faisnéise) 2016 – Ordú don Tuarascáil, An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh; agus Uimh. 12, an Bille um Mí-Úsáid Drugaí (Saoráidí Insteallta Maoirsithe) 2017 – an Dara Céim (atógáil). Is é Uimh. 92, tairiscint maidir leis an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais, NEPS, arna roghnú ag Fianna Fáil, a bheidh mar ghnó Comhaltaí Príobháideacha amárach.
Is é gnó na Déardaoine ná Uimh. 13, ráitis maidir le fógra an choimisiúin imscrúdúcháin a dhearbhaigh go bhfuil taisí daonna ar shuíomh iar-áras máithreacha agus naíonán Thuama; Uimh. 2, an Bille Sláinte (Leasú) 2017 – an Dara Céim (atógáil); agus Uimh. 12, an Bille um Mí-Úsáid Drugaí (Saoráidí Insteallta Maoirsithe) 2017 – an Dara Céim (atógáil). Déanfar díospóireacht ar an Dara Céim de Uimh. 24, an Bille um Dhlínse Uilechoiteann do Chearta an Duine 2015, le linn an tseala um thráthnóna.
Ba mhaith liom aird na Teachtaí a tharraingt ar an dara tuarascáil leasuithe ón gCoiste Gnó dar dáta an 6 Márta 2017. Maidir le gnó na Máirte beartaítear:
(1) I ndáil leis an tairiscint maidir le coimisiún imscrúdúcháin (cás Grace), go mbeidh gach óráid d’óráidí an tairgtheora Rialtais agus na bpríomhurlabhraithe páirtithe nó grúpaí, nó Comhalta a ainmneofar ina n-ionad, deich nóiméad i bhfad, go mbeidh cúig nóiméad an duine ag gach Comhalta eile, go dtabharfaidh Aire nó Aire Stáit freagra cúig nóiméad, agus go bhféadfaidh gach Comhalta am a roinnt; agus
(2) Go ndéanfar Uimh. 22, an Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis (Leasú) 2017, a thabhairt chun críche ar 10 p.m.
Maidir le gnó na Céadaoine, beartaítear:
(1) I gcás nach ndéanfar an tairiscint maidir leis an gcoimisiún imscrúdúcháin a thabhairt chun críche ar an Máirt, go suífidh an Dáil ar 10 a.m. chun athchromadh ar imeachtaí ar an tairiscint agus go ndéanfar iad a thabhairt chun críche ar meán lae mura mbeidh siad críochnaithe roimhe sin. Má thugtar an tairiscint chun críche roimh meán lae, rachaidh an Teach ar fionraí go dtí meán lae agus tosóidh Ceisteanna ó Cheannairí ar meán lae; agus
(2) Go dtosóidh ráitis roimh an gComhairle Eorpach go díreach tar éis ceisteanna chun an Taoisigh agus go mbeidh ceisteanna chun an Aire Sláinte ina ndiaidh. Déanfar na ráitis a thabhairt chun críche tar éis 85 nóiméad agus ní dhéanfaidh ach Aire nó Aire Stáit agus na príomhurlabhraithe páirtithe nó grúpaí, nó Comhalta a ainmneofar ina n-ionad, óráidí a thabhairt, ní rachaidh gach óráid díobh thar deich nóiméad, tabharfaidh Aire nó Aire Stáit freagra cúig nóiméad, agus féadfaidh gach Comhalta am a roinnt.
Maidir le gnó an Déardaoin, beartaítear:
(1) Go suífidh an Dáil ar 10 a.m. chun ráitis a thógáil maidir le fógra an choimisiúin imscrúdúcháin a dhearbhaigh go bhfuil taisí daonna ar shuíomh iar-áras máithreacha agus naíonán Thuama. Má thugtar na ráitis chun críche roimh meán lae, rachaidh an Teach ar fionraí go dtí meán lae agus tosóidh Ceisteanna ó Cheannairí ar meán lae. Cuirfear an suí ar fionraí ar feadh 30 nóiméad tar éis an bhloic vótála agus tógfar ceisteanna chun an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara ar 4 p.m.;
(2) Go mbeidh ráiteas Aire nó Aire Stáit agus príomhurlabhraithe páirtithe agus grúpaí, nó Comhalta a ainmneofar ina n-ionad, maidir le fógra an choimisiúin imscrúdúcháin a dhearbhaigh go bhfuil taisí daonna ar shuíomh iar-áras máithreacha agus naíonán Thuama deich nóiméad i bhfad. Déanfar babhta eile 40 nóiméad san iomlán do chomhaltaí den Rialtas, Fianna Fáil agus Sinn Féin a roinnt go comhréireach ar bhonn 40/40/20, faoi seach, agus féadfaidh gach Comhalta am a roinnt; agus
(3) Go suífidh an Dáil níos déanaí ná 7.48 p.m. agus go rachaidh an Dáil ar athló i ndiaidh an Bhille um Dhlínse Uilechoiteann do Chearta an Duine 2015 go dtí 2 p.m. ar Dé Máirt, an 21 Márta 2017.
Comment on this
Tá cinntí le déanamh againn ar thrí mholadh. An bhfuil an moladh maidir le gnó an lae inniu aontaithe? Aontaithe. An bhfuil an moladh maidir le gnó an lae amárach aontaithe? Aontaithe. An bhfuil an moladh maidir le gnó na Déardaoine aontaithe?
Comment on this
Tá fadhb agam leis an moladh sin.
In the context of all the discussion we have seen in the media and in homes throughout Ireland, the two hours devoted to the discussion of the finding of babies' bones in Tuam is completely inadequate. It is not going to give Deputies in this House either an opportunity or time to find out the stories of the different institutions in their own constituencies. These institutions were spread all over Ireland. If the debate were postponed or took place in two parts, it might be a better arrangement. I am speaking probably as one of the few people in this Chamber and down the years in the Dáil with a direct connection to these events.
I find deeply upsetting some of the language being used in this House relating to people who were in mother and baby homes. I did not like the Taoiseach yesterday using the term "sub-species" in regard to people. I understand the context in which he used it. I do not like a Deputy over there talking about headage payments being paid in respect of our children to go to America. I am sure the Deputy did not mean any hurt by it but could we just stand back from this? I have had people on the phone to me and people I have known all my life who were in institutions. People are running away with themselves in allowing political points-scoring. We need to have a large dose of compassion with this.
I am not disagreeing with some of the arguments from the Deputies. Without a doubt, the very authoritarian Catholic Church must take the vast amount of responsibility. I have pursued in this House, as have others in the Labour Party, the fact that the church should pay the money it agreed in the nefarious deal made by the then Taoiseach, Bertie Ahern, along with the former Minister, Dr. Michael Woods.
Comment on this
The former Minister, Deputy Micheál Martin, is here today.
Comment on this
He was a Minister in that Government.
Comment on this
The Deputy is looking to score points.
Comment on this
I am just saying the deal was not a good deal because-----
Comment on this
We were the first to do anything at all. The Deputy's Government neglected it.
Comment on this
The Deputy is scoring points now.
Comment on this
-----the religious orders have not paid the money.
Comment on this
The Deputy's Government neglected that. She should not go there.
Comment on this
That is because the Deputy's Government neglected it.
Comment on this
There should be time for a proper debate. People should think of both the birth mothers, many of whom are no longer alive-----
Comment on this
-----and of their descendants. Many of them went on to marry. The children who died in the home also have siblings. We should have some regard to human feeling in the wider families. We should also remember the local community in Tuam, which looked after the graves over a long period in the limited way it could. I agree with many of Deputy Bríd Smith's points about the responsibility of the Catholic Church but there needs to be some consideration-----
Comment on this
The Deputy has made a very useful intervention but let us try to keep things in proportion.
Comment on this
D'iarr muidne go mbeadh am leagtha ar leataobh an tseachtain seo sa dóigh is go dtig linn an cheist seo a phlé. Ó d'iarr an Teachta Ó Snodaigh an t-am sin, tá níos mó eolais curtha ar fáil don phobal sna meáin agus tá sé iontach tábhachtach go mbeadh níos mó ama ar fáil chun é seo a phlé. D'fhéadfaí na ceisteanna ar an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara a chur ar athló sa dóigh is go mbeadh níos mó ama ar fáil ansin. B'fhéidir gur féidir leis na páirtithe suí síos chun é seo a phlé. Seo ceann de na scannaill is mó atá feicthe ag an Stát seo agus, mar a dúirt mé leis an Taoiseach cheana féin, níl muidne sásta leis na téarmaí tagartha. Ní raibh muid sásta leo riamh. Caithfear é seo a phlé agus caithfear níos mó ná dhá uair a chloig a leagan ar leathaobh chun é seo a dhéanamh. Iarraim go dtiocfadh na páirtithe le chéile chun amharc an féidir níos mó ama a bheith againn ar an Déardaoin chun é seo a phlé.
Comment on this
I am glad the issue is being discussed on Thursday but I also question if two hours is sufficient.
The issue has serious repercussions. On Thursday, the Taoiseach should come here and make a statement about the criminal action that will be taken against the perpetrators who ran these homes and the repercussions for education, given that over 90% of primary schools are under the patronage of the Catholic Church. He should also tell us whether there will be excavations on the sites of other so-called mother and baby homes? They were far from "mother and baby" homes, given that mothers were not let near their babies. This is a key issue and two hours will not be sufficient. We should be willing, if necessary, to table more. Regarding the comment on headage payments, which Deputy Burton brought up-----
Comment on this
It was said in the context of the attitude of the people who ran these orders towards the children who were meant to be in their care but who were considered children of sin.
Comment on this
Cheapas go raibh sé seo socraithe ag an gCoiste Gnó roimh ré agus bhí. Níl aon deacracht againne má thugtar níos mó ama don díospóireacht seo. Táimíd ag lorg le fada an lá níos mó ama maidir le díospóireachtaí den saghas seo. Tá Fianna Fáil ag lorg i bhfad níos mó ama seachtain i ndiaidh seachtaine, ach níltear sásta é a thabhairt dúinn. Ba chóir dúinn níos mó ama a chur ar fáil don díospóireacht agus cothrom na Féinne a thabhairt do gach Teachta Dála, cúlbhinseoirí na páirtithe is láidre sa Dáil ina measc, seans a fháil chun labhairt. De ghnáth, ní fhaigheann siad seans páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí den saghas seo. Táimíd i bhfábhar níos mó ama a thabhairt go ginearálta.
Comment on this
I, too, agree with what Deputy Joan Burton said. We all received glaoch ar an teileafón ó dhaoine ar an gCoiste Gnó inné. We were asked if we would agree, and we did. I am sure we have no problem giving extra time. Some of the people who spoke here, including Deputy Joan Burton, have party members on the Business Committee and I am sure they were all contacted yesterday. Why did they agree to it if they are not happy with it today? I have no hang-up on extra time. It is an awful situation and we need to give it extra time. However, much of this is grandstanding.
Comment on this
Aontaím go bhfuil gá le tuilleadh ama maidir leis an díospóireacht. I fully agree that there should be more time. I am from Galway and have intimate connections with what happened in Galway. However, the Dáil is not the place for it. The Dáil is for holding systems to account. This is what the debate should be about this week and in the extended time. In Galway city, we have had numerous reports and nobody was held to account, from the hospital to the Brothers of Charity, to the mother and baby home to the institutions in Taylor's Hill, Letterfrack and lower Salthill. I am mentioning only a tiny fraction. I call for a rational holding to account of the system and that we listen to what the groups on the ground are seeking.
Comment on this
Chun rudaí a shoiléiriú, tháinig iarratas isteach ó bheirt chomhaltaí den Choiste Gnó ag lorg díospóireachta ar an ábhar tábhachtach seo. Cuireadh glaoch ar gach comhalta den Choiste Gnó ag iarraidh orthu an mbeidís sásta le díospóireacht maidin Déardaoin ar feadh dhá uair an chloig agus is é an freagra a fuaireamear ag an am ná go mbeidís sásta leis sin. Ní fheicim deacracht ar bith le tuilleadh ama a chur ar fáil.
Comment on this
Tá an Príomh-Aoire anseo agus tá sí toilteanach níos mó ama a chur ar fáil. B'fhéidir gur chóir go mbeadh cruinniú ag an gCoiste Gnó arís chun an t-am atá leagtha amach a leathnú más mian leis an gcoiste go mbeadh cead ag na cúlbhinseoirí ráitis a dhéanamh sa díospóireacht. Tá an Príomh-Aoire toilteanach é sin a dhéanamh. Glacaim leis an rud a dúirt an Teachta. Ba chóir go mbeadh díriú ar conas na dualgais atá orthu siúd a bhfuil dualgais acu a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh sé sin lárnach sa díospóireacht.
Comment on this
Níl aon gá go mbeadh críoch leis an díospóireacht ar an Déardaoin.