Medicinal cannabis access for Ava
Deputy Micheál Martin raised Vera Twomey’s visit and Ava’s need for medicinal cannabis access, questioning the lack of a paediatric specialist’s prescription. The Taoiseach said the Minister was meeting Vera again, work was under way on the legislation, and the prescription requirement remained essential.
Mar is eol don Taoiseach, tá Vera Twomey tagtha don Teach seo inniu agus í buartha faoi chás a hiníne, Ava. Tá mé féin ag déileáil leis an gcás seo ó mhí Iúil nuair a bhuaileas leis an Aire Sláinte. Bhí an Teachta Michael Creed agus daoine eile ann chomh maith. An deacracht is mó atá ann ná an deacracht le comhairleach péidiatraice a bheith ann chun cead a thabhairt cannabas a úsáid sa gcomhthéacs seo. We are familiar with the HPRA report. Sin tuarascáil tábhachtach agus tá dul chun cinn le feiscint sa tuarascáil. Tá moladh ann maidir le cannabas leighis agus seans é a úsáid i gcomhthéacs Dravet's syndrome, ailse agus araile. Tá sé geallta ag an Aire compassionate access programme a chur ar fáil ach caithfear reachtaíocht a chur i bhfeidhm. Cé mhéad am a bheidh i gceist go dtí go bhfeicfimid an reachtaíocht sin?
Comment on this
Thug an tAire cuntas don Rialtas ar maidin agus tá obair ar siúl maidir leis an mBille. Is cuma faoin mBille-----
Comment on this
Ní haon Bhille atá i gceist ach statutory instrument maidir leis an cannabis access programme.
Comment on this
Cibé Acht a bheidh ann, caithfidh an ceadúnas leighis a bheith ar fáil ón dochtúir speisialta do na leanaí. Tá a fhios ag gach duine go bhfuair leanaí agus gasúir eile an leigheas seo mar bhí ceadúnas leighis sínithe ag an dochtúir speisialta. Níl sé sin déanta sa chás seo agus níl cead ag an Aire an leigheas a chur ar fáil do Ava toisc nach bhfuil an ceadúnas sínithe ag an dochtúir speisialta. Sin atá i gceist. Tá an tAire chun bualadh le Vera inniu don cúigiú uair. Tá obair á dhéanamh aige maidir leis an mBille. Bhí cruinniú de chuid an choiste Oireachtais inniu faoin compassionate-----