Rural post office closures
Deputy Doherty warned about reported post office and bank branch closures in rural areas and said the House opposed reducing the network. The Taoiseach replied that the report was not a Government plan and said the Government wanted new services and community-hub models for post offices.
Tá sé ráite go soiléir sa chlár Rialtais go bhfuilimid ag iarraidh pobal rathúil sa chathair agus faoin tuath a thógáil. Ag éirí do mhuintir na tuaithe ar maidin, chuala siad na cinnlínte ar an nuacht go raibh se beartaithe níos mó seirbhísí bunúsacha a dhruidiú i gceantair tuaithe. Tá suas le 80 oifig phoist le druidiú, mar atá ráite sna cinnlínte. Tuigtear dúinn go bhfuil Ulster Bank ag amharc ar 30 banc a dhruidiú i gceantair tuaithe. Anuraidh dheimhnigh an Dáil go soiléir go bhfuilimid i gcoinne laghdú ar bith ar an líonra d'oifig an phoist agus i gcoinne seirbhísí ar bith a bhaint dúinn. Tá a fhios againn go bhfuil seirbhísí bus faoi bhagairt ag an phointe seo fosta. Thug mé faoi deara i bhfreagra ar cheist pharlaiminte le déanaí go bhfuil sé beartaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim riar maith dá gcuid brainsí i gceantair tuaithe a reáchtáil ar bun coinne amháin. Is é sin go mbeidh siad ag druidiú an tseirbhís siúl isteach. Bhí tuairisc le foilsiú ag grúpa a láraigh an tAire Stáit, an Teachta Ring, maidir le hoifigí poist. Bhí siad ag rá go mbeidh na hoifigí poist mar chroílár an phobail agus go mbeidh ról tábhachtach acu ó thaobh imeachtaí sóisialta agus eacnmaíochta. Chuaigh na míonna thart agus níl an tuairisc sin foilsithe aige. Cén uair a bhfeicfimid beart de réir briathar ó thaobh ceantair tuaithe de?
Comment on this
Ní plean Rialtais atá i gceist anseo ach tuarascáil a cuireadh ar fáil.
Tá sé soiléir nach bhfuil cuid mhaith de na hoifigí poist beaga ag déanamh gnó ar bith nó tá fíor-bheagán gnó á dhéanamh acu. Tá daoine ag dul thar na hoifigí sin go dtí an baile mór. Tá siad ag déileáil le cúrsaí digiteacha freisin. Tá an tAire Stáit, Teachta Ó Rinn, ag déileáil le seo. An plean atá ag an Rialtas ná seirbhísí nua, cibé iad, a thabhairt do na hoifigí poist seo i dtreo is go mbeidh siad in ann gnó eile a dhéanamh dóibh féin.
Níl cumhacht ar bith againne ó thaobh na mbanc de. Chonaic mé an nuacht faoi dhúnadh Banc Uladh sa Tuaisceart agus in áiteanna ar fud na tíre. Ní hé an chéad bhanc a dhein é sin. Maidir le na hoifigí poist, foilseoidh an tAire Stáit, Teachta Ring, an tuarascáil seo agus beidh díospóireacht againn sa Teach. Tá gnó ann gur féidir le cuid de na hoifigí poist seo a dhéanamh. B'fhéidir nach gcuirfeadh sé cosc ar iad a dhúnadh ach ní dhéanfadh sé an gnó atá á dhéanamh acu a laghdú níos faide. Tá an Rialtas toilteanach chuile chabhair a thabhairt dóibh is gur féidir as seo amach.