We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Questions on Promised Legislation

Department of the Gaeltacht title

Summary

Deputy Tóibín complained that the Minister of State responsible for arts, heritage and the Gaeltacht was absent while attached to the business committee and asked whether Gaeltacht would remain in the Department title. The Taoiseach and Minister of State McHugh said the title was not yet settled but expected Gaeltacht to remain in the new Department.

Tá dhá rud sciobtha agam. Inné, bhí Aire Stáit an Rialtais in easnamh sa Teach i rith cheisteanna ar ealaíona, oidhreacht agus an Ghaeltacht. An fáth go raibh sé ar iarraidh ná go raibh sé ag freastal ar an gcoiste gnó. Bhí sé ag freastal ar an gcoiste gnó mar gur thug an Taoiseach dhá phost dó. Ní bhíonn deis againne ach cúpla ceist a chur ar an Aire Stáit gach sé seachtaine. Is rud uafásach é nach raibh sé anseo. Bhí ar an Aire, Teachta Michael Ring, ceisteanna a fhreagairt, ceisteanna nach raibh feicthe aige go dtí go raibh sé á léamh. Cad atá an Taoiseach chun déanamh le bheith cinnte go mbeidh an tAire Stáit anseo as seo amach?

An dara rud ná go bhfuil géarchéim uafásach sa Ghaeltacht ag an bomaite mar gheall ar titim sa mhéad Gaeilge atá á labhairt ann. Tuigim anois go bhfuil an Rialtas idir dhá chomhairle maidir leis an bhfocal "Gaeltacht" a chur i dteideal na Roinne. An dtabharfaidh an Taoiseach-----

Comment on this
Pat the Cope Gallagher An Leas-Cheann Comhairle Fianna Fáil

Colleagues want to ask questions. It is one topic per questioner.

Comment on this

An bhfuil an Rialtas chun "Gaeltacht" a fhágáil i dteideal na Roinne?

Comment on this
Leo Varadkar The Taoiseach Fine Gael

Bhí an tAire, Teachta Heather Humphreys, tinn inné. She was absent for that reason. Thóg an tAire, Teachta Ó Rinn, na ceisteanna. Níl an teideal nua socraithe ach táim muiníneach go mbeidh "Gaeltacht" i dteideal na Roinne nua.

Comment on this
Pat the Cope Gallagher An Leas-Cheann Comhairle Fianna Fáil

With the Taoiseach's permission, I call Deputy Pearse Doherty.

Comment on this
Leo Varadkar The Taoiseach Fine Gael

May the Minister of State, Deputy Joe McHugh, add to what I have said?

Comment on this
Pat the Cope Gallagher An Leas-Cheann Comhairle Fianna Fáil

An bhfuil freagra ag an Aire Stáit?

Comment on this
Joe McHugh Minister of State at the Department of the Taoiseach Fine Gael

Maidir leis an teideal sa Roinn, bhí comhrá ag dul ar aghaidh inné agus, mar a dúirt an Taoiseach, níl an teideal socraithe, ach b'fhéidir go mbeidh cinneadh déanta in am gairid.

Comment on this