We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Questions on Promised Legislation

Official Languages Bill timetable

Summary

Deputy Catherine Connolly asked when the draft Official Languages Bill would be published and when the general scheme would go before the committee. The Taoiseach said drafting was under way with officials, the Attorney General's Office and other stakeholders.

Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla, tá a fhios ag an Taoiseach gur fhoilsíodh an scéim ginearálta agus dréachtchinn an Bhille le déanaí. Tá ceist agam faoi amscalaí maidir le dhá rud. Cén amscála atá i gceist maidir leis an dréachtbhille féin? Cén uair a thiocfaidh an scéim ginearálta os comhair an choiste cuí, is é sin Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán? Tá práinn le seo agus ba mhaith liom cúnamh an Cheann Comhairle freagra a fháil.

Comment on this
Leo Varadkar The Taoiseach Fine Gael

Thug an Rialtas cead leanúint ar aghaidh le dréachtú an Bhille. Tá an obair sin ar bun anois. Tá mo chuid oifigeach ag obair i gcomhair le hOifig an Ard-Aighne, na Ranna Stáit ábhartha agus na páirtithe leasmhara eile.

Comment on this