Official Languages Bill
Catherine Connolly asks when the draft heads of the Official Languages Bill will go before committee. The Minister of State says work is continuing with the relevant committees and expects an announcement early next year.
Foilsíodh dréacht-chinn an Bhille maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla níos luaithe sa bhliain seo. Ó shin, faraor géar, níor chualamar tada. Maidir le dréacht-chinn an Bhille, cá bhfuileamar agus cén uair go cruinn a thiocfaidh dréacht-chinn an Bhille sin os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán? Mar is eol don Cheann Comhairle, tá gá práinneach leis an mBille nua seo.
Comment on this
Bhí comhrá dearfach idir mé féin agus Ardrúnaí agus príomhoifigigh Roinn na Gaeltachta. Táimid ag leanúint ar aghaidh leis an gcomhrá idir na coistí ábhartha, Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ina measc. Tá an reachtaíocht seo difriúil le reachtaíocht eile agus tá scrúdú réamhreachtaíochta de dhíth idir na Ranna ábhartha agus na páirtithe leasmhara éagsúla.
Táim dóchasach go mbeidh fógra á dhéanamh faoi ag tús na bliana ach, anois, tá sé ar an chlár agus tá sé ag dul ar aghaidh. Dréachtaíodh an Bille roimh an samhradh agus, anois, tá sé ar mo phríomhchlár agus beidh muidne i dteagmháil leis an Teachta agus lena coiste maidir leis an chomhairliúchán cuimsitheach atá de dhíth.