We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Questions on Promised Legislation

RTÉ Nuacht relocation

Summary

Deputy Connolly questioned the decision to move RTÉ Nuacht from TG4 headquarters and asked about the costs and downgrade for Irish-language broadcasting. Minister of State Joe McHugh said he lacked the details but would obtain them and revert to her.

Tá cur síos iontach ar thábhacht na Gaeilge ar leathanach 146 de chlár oibre an Rialtais. Tá sé ráite sa cháipéis sin go bhfuil an Rialtas 100% taobh thiar de chur chun cinn na Gaeilge ar chuile leibhéal. An bhfuil an tAire Stáit ar an eolas faoin gcinneadh atá déanta ag RTÉ Nuacht RTÉ a bhogadh ó cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann ar ais go Domhnach Broc? Tháinig an cinneadh seo aniar aduaidh orm. Iarraim ar an Aire Stáit labhairt faoi na himpleachtaí a bhaineann leis an gcinneadh sin go háirithe ó thaobh costais de, ach freisin agus níos tabhachtaí ó thaobh an íosghrádú atá i gceist ó thaobh na Gaeilge de.

Comment on this
Joe McHugh Minister of State at the Department of the Taoiseach Fine Gael

Tá tiomantas i gceist maidir le ceist ollmhór na Gaeilge. Beidh na dréachtóirí ag obair go dian ar Bille na dteangacha oifigiúla. Níl na sonraí agam chun freagra a thabhairt ar an gceist a chur an Teachta maidir leis an gcinneadh atá déanta ag RTÉ Nuacht RTÉ a bhogadh. Beidh mé sásta na sonraí sin a fháil ó mo chuid oifigeach agus teacht ar ais go dtí an Teachta ina dtaobh.

Comment on this

Tá na sonraí ar tuairisc.ie inniu.

Comment on this

Tá tuairiscí sna meáin, ach níl na sonraí agam. Beidh mé sásta iad a fháil amach anseo agus dul i dteagmháil leis an Teachta ina dhiaidh sin.

Comment on this