Gaeltacht and Irish language funding
Deputy Catherine Martin speaks about the Gaeltacht, Irish-language vitality and depopulation in Gaeltacht areas. The Taoiseach replies in Irish, highlighting Year of the Irish Language and announcing €178 million for Irish, Gaeltacht and island projects over ten years.
Nuair a labhraíonn tú i nGaeilge go poiblí, léiríonn tú don domhan go bhfuil an Ghaeilge beo mar theanga Ghaelach, Eorpach, Cheilteach agus nuálach feasta. Tá Gaelscoileanna ar fud an oileáin seo, ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste, ó Dhún na nGall go dtí An Daingean agus tá cultúr na nGael faoi bhláth.
Ach, agus muid ag céiliúradh Bhliain na Gaeilge - is í seo seachtain na Gaeilge - ní mór dúinn mar pholaiteoirí ár n-aird a dhíriú ar staid na Gaeltachta. Is í an fhírinne ná go bhfuil bánú á dhéanamh ar cheantair Ghaeltachta. Gan deiseanna fostaíochta do mhuintir Ghaoth Dobhair agus Chonamara, ní bhíonn de rogha ag daoine ach slán a fhágáil le saol a chaitheamh sa Ghaeltacht agus clann a thógáil ann.
Is cuimhin linn manna Barack Obama, "Is féidir linn". Tá ceist agam don Taoiseach. An féidir leat? An féidir leis ceannaireacht a léiriú maidir le riachtanais na Gaeltachta? Carpe diem - téigh chuig-----
Comment on this
-----Rosmuc, na hoileáin, Dún Chaoin agus Gaoth Dobhair agus bíodh comhrá agat féin le pobal na Gaeltachta.
Comment on this
Is féidir liom, a Theachta. Gabhaim buíochas don Teachta as na ceisteanna sin. Is í seo Bliain na Gaeilge, togra de cuid an Rialtais. Tá dáiríreacht an Rialtais i leith na Gaeilge ríshoiléir dar liom. Is mian liom tagairt don méid atá déanta i leith na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán sa chreatlach pleanála náisiúnta agus sa phlean forbartha náisiúnta a foilsíodh le gairid. Faoin bplean sin, tá sé fógartha ag an Rialtas go mbeidh €178 milliún ar fáil don chiste caipitil chun caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus na n-oileán as seo go ceann deich mbliana. Is airgead as an nua é €78 milliún den mhéid sin ar an mbunshuim de, níos mó ná €10 milliún atá á gcaitheamh ar na nithe céanna i bliana.
San áireamh, tá gealltanas sa phlean forbartha náisiúnta go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go dtí €12 milliún in aghaidh na bliana, go gcaithfidh Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta €4 milliún ar lárionad Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath agus go ndéanfar forbairt ar gréasán don ionad Gaeilge timpeall na tíre, agus na líonraí Gaeilge agus na seirbhísí Gaeltachta ach go háirithe.