We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Questions on Promised Legislation

Foras na Gaeilge funding

Summary

Deputy Catherine Martin raised the long-term decline in Foras na Gaeilge funding and its dependence on both jurisdictions. The Minister of State explained the funding formula and said this year's figure would remain unchanged despite the absence of a Northern Executive.

Ar an gcéad dul síos guím Lá Idirnáisiúnta na mBan shona daoibh go léir. Tá maoiniú d’Fhoras na Gaeilge, an t-eagras is mó a thacaíonn le forbairt na Gaeilge sa phobal, ag laghdú, bliain i ndiaidh bliana ar feadh deich mbliana nó mar sin. Cuid den chúis taobh thiar de seo ná go bhfuil an maoiniú roinnte idir an dá dhlínse ar an oileán. Nuair atá easpa airgid sa Phoblacht, cosúil le tráth an chúlaithe eacnamaíochta, tagann meath ar mhaoiniú an Fhorais. Nuair a tharlaíonn amhlaidh sa Tuaisceart tagann meath arís ar an maoiniú. In ainneoin go bhfuil an maoiniú tábhachtach do na healaíona ag dul i méid, rud atá muid buíoch de, tá an Ghaeilge ag fulaingt. Mar chuid de Bhliain na Gaeilge, mar chuid de lorg na bliana seo, an ngeallfadh an Tánaiste athbhreithniú a dhéanamh ar mhúnla maoinithe Fhoras na Gaeilge?

Ligfeadh é seo don Rialtas beart de réir a bhriathair a thaispeáint don teanga le maoiniú Fhoras na Gaeilge a ardú.

Comment on this
Joe McHugh Minister of State at the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht Fine Gael

Go raibh maith agat as an gceist. Tá an maoiniú ar fáil faoi choinne Fhoras na Gaeilge agus an Bord Ulster Scots agus tá freagracht agus dualgas orainne sa Rialtas seo suas go dtí 65% den airgead seo, agus sa Tuaisceart 25%. Faoi láthair mura bhfuil an Rialtas ina shuí sa Tuaisceart, ní bheidh aon chomhaontú maidir leis an bhfigiúr ó 2017 ach, é sin ráite, tá sé comhaontaithe idir an dá Roinn Airgeadais sa dá dhlínse go mbeidh an figiúr a bheidh á úsáid i mbliana mar an gcéanna leis an bhfigiúr a bhí á úsáid in 2016, agus b'shin an fáth nach mbeidh aon athrú ar na figiúirí sin. Tá suas go €14.025 milliún ar fáil ina iomlán fá choinne an bhuiséid seo don dá dhlínse: Tuaisceart Thuaidh-Theas, an Deisceart agus an obair atá ar siúl leis na comhlachtaí Thuaidh-Theas.

Comment on this