We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Order of Business

Order of Business

Summary

The Government proposed the day's business and Wednesday's business, which was agreed after a short objection about extending the Citizens' Assembly. The Chair confirmed the matter would be debated separately, and the House then moved on to promised legislation.

Is é gnó an lae inniu Míreanna 10 agus 11, tairiscint maidir leis na Rialacháin faoin Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (ar ais ón gCoiste); Uimh. 12, tairiscint maidir leis an Ordú faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2017 (Méadú ar Líon na nGnáthchomhaltaí den Bhord Pleanála), 2018 (Tarchur chuig Coiste); agus Uimh. 31, an Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 - an Dara Céim (atógáil). Is é an Gnó Comhaltaí Príobháideacha Uimh. 181, tairiscint maidir le haonad cumarsáide straitéisí an Rialtais, arna roghnú ag Sinn Féin.

Is é gnó na Céadaoin Uimh. 31a, ráitis roimh an gcruinniú den Chomhairle Eorpach; Uimh. 14, tairiscint maidir leis an am don Tionól Saoránach a shíneadh (le críochnú laistigh de 40 nóiméad, mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin); Uimh. 31, an Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 - an Dara Céim (arna hatógáil, mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin) agus na Céimeanna a Bheidh Fágtha (le cur ar athló ar 11 p.m., mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin); Uimh. 14, tairiscint maidir leis an ráiteas mar eolas do vótálaithe i ndáil leis an mBille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 (le tógáil ar an mBille a bheith críochnaithe gan díospóireacht); agus Uimh. 1, an Bille Seirbhísí Teileachumarsáide (Duchtra agus Cáblaí), 2018 [Seanad] - an Dara Céim. Is é an Gnó Comhaltaí Príobháideacha Uimh. 182, tairiscint maidir le hárachas gnó, arna roghnú ag Fianna Fáil.

Is é gnó an Déardaoin Uimh. 31, an Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 - an Dara Céim, atógáil, mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin, agus na Céimeanna Eile, le cur ar athló ar 5 p.m., mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin; Uimh. 14, tairiscint maidir leis an ráiteas mar eolas do vótálaithe i ndáil leis an mBille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 le tógáil gan díospóireacht ar an mBille a bheith críochnaithe; agus Uimh. 1, an Bille Seirbhísí Teileachumarsáide (Duchtra agus Cáblaí) 2018 [Seanad] - an Dara Céim. Déanfar an Dara Céim d'Uimh. 51, an Bille um Tháscairí maidir le Dul Chun Cinn Iarbhír agus Cuntais Dáiliúcháin Náisiúnta 2017, a thógáil i mír na hoíche.

I dtaobh chraoladh na socruithe atá beartaithe do ghnó na seachtaine seo, tagraím don chéad tuarascáil athbhreithnithe ón gCoiste Gnó dar dáta an 12 Márta 2018. I ndáil le gnó na Máirt, beartaítear:

(1) go suífidh an Dáil níos déanaí ná 10 p.m. agus go rachaidh sí ar athló tráth nach déanaí ná meán oíche;

(2) go ndéanfar an tairiscint maidir leis na Rialacháin faoin Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, ar ais ón gcoiste, agus an tairiscint maidir leis an ordú faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2017 (Méadú ar Líon na nGnáthchomhaltaí den Bhord Pleanála) 2018, tarchur chuig coiste, a thógáil gan díospóireacht;

(3) nach mbeidh aon Cheisteanna chun an Taoisigh ann de réir bhrí Bhuan-Ordú 38(1)(a), nach mbeidh aon Cheisteanna ó Bhéal ann de réir bhrí Bhuan-Ordú 38(1)(b), agus nach mbeidh aon Saincheisteanna Tráthúla ann de réir bhrí Bhuan-Ordú 29A;

(4) go dtógfar gnó Comhaltaí Príobháideacha faoi Bhuan-Ordú 140(1)(a) tar éis na dtairiscintí gan díospóireacht ar feadh dhá uair an chloig; agus

(5) má chríochnaítear na himeachtaí ar an Dara Céim den Bhille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 Dé Máirt, go ndéanfar aon vótáil a iarrfar a thógáil Dé Céadaoin tar éis na gCeisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh. Má chríochnaítear na himeachtaí ar an Dara Céim Dé Céadaoin nó Déardaoin, beartaítear go ndéanfar aon vótáil a iarrfar a thógáil láithreach.

I ndáil le gnó na Céadaoin, beartaítear:

(1) go suífidh an Dáil níos déanaí ná 10.15 p.m. agus go rachaidh sí ar athló tráth nach déanaí ná 11 p.m.;

(2) go dtosóidh na ráitis roimh an gcruinniú den Chomhairle Eorpach láithreach tar éis na gCeisteanna chun an Taoisigh, go gcuirfear an suí ar fionraí dá éis sin faoi Bhuan-Ordú 25(1) ar feadh uair an chloig, go dtabharfar na ráitis chun críche tar éis 85 nóiméad, nach mbeidh iontu ach aon bhabhta amháin d’Aire nó d’Aire Stáit agus do phríomh-urlabhraithe na bpáirtithe agus na ngrúpaí, nó do Chomhalta arna ainmniú nó arna hainmniú ina n-ionad, is babhtaí nach faide ná deich nóiméad an ceann, le freagra cúig nóiméad ó Aire nó ó Aire Stáit, agus féadfaidh na Comhaltaí go léir am a roinnt eatarthu féin;

(3) go ndéanfar an tairiscint maidir leis an am don Tionól Saoránach a shíneadh a thabhairt chun críche tar éis 40 nóiméad agus nach mbeidh sna hóráidí ach aon bhabhta amháin d’Aire nó d’Aire Stáit agus do phríomh-urlabhraithe na bpáirtithe agus na ngrúpaí, nó do Chomhalta arna ainmniú nó arna hainmniú ina n-ionad, is babhtaí nach faide ná cúig nóiméad an ceann agus féadfaidh na Comhaltaí go léir am a roinnt eatarthu féin; agus

(4) go ndéanfar an tairiscint maidir leis an ráiteas mar eolas do vótálaithe i ndáil leis an mBille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 a thógáil gan díospóireacht ar gach Céim den Bhille a bheith críochnaithe, cibé uair a tharlóidh sé, agus déanfar aon vótáil a iarrfar a thógáil láithreach.

Comment on this

Tá dhá chinneadh le déanamh againn. An bhfuil an moladh mar gheall ar ghnó an lae inniu aontaithe? Is the proposal for dealing with today's business agreed to? Agreed. Is the proposal for dealing with Wednesday's business agreed to?

Comment on this

It is not agreed to. I refer to the motion regarding an extension of time for the Citizens' Assembly. I have said repeatedly that this is the citizens' assembly, to which, thankfully, we have been elected. The Citizens' Assembly had cost €1.8 million up to December last year, according to a reply I received to a parliamentary question. RED C has been caught with its pants down on this issue, in picking people preferentially and not acting in a proper manner. RED C has stated 99 citizens could never be representative of the full population of the country. The Rural Independent Group and I, therefore, object to allowing more time to be given to the Citizens' Assembly. When will it stop and how much will it cost? It has cost €1.8 million so far.

Comment on this

Is the Deputy objecting to an extension of time for the Citizens' Assembly?

Comment on this

Yes, as per the Order of Business.

Comment on this
Simon Coveney The Tánaiste Fine Gael

Let me try to be helpful to the House on the issue. What we are asking for is the Citizens' Assembly being given a little more time. It was due to finish up, but because of the bad weather, it was unable to hold hearings and make recommendations on a five-year fixed term for Parliament in Ireland. It was last due to meet in the middle of Storm Emma, but for obvious reasons - namely, safety reasons - people were not able to make the meeting. It has, therefore, asked for a few extra weeks until 27 April to do the work we have asked it to do. It would be extraordinary if we were to oppose this reasonable request, given the difficulties members of the Citizens' Assembly and the rest of the country faced in the extreme weather conditions.

Comment on this

The Business Committee concluded that some time should be given to discuss this issue. That is why the allocation of 40 minutes for a brief discussion on the matter has been provided for. I take it that if Deputy Mattie McGrath is not happy with this proposal, he can vote against it on Wednesday when it comes up for discussion. He does not have to oppose the Order of Business.

Comment on this

I am not doing so. We have received no indication that there will be an independent investigation into what happened when members were picked spuriously or into what RED C did. It has carte blanche to do what it wants.

Comment on this

I am sure that matter can come up in the debate. May I take it that the proposal for dealing with today's business is agreed to? Agreed. We will move to questions on promised legislation.

Comment on this