We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Questions on Promised Legislation

Gaeltacht five-year action plan

Summary

Deputy Connolly asked where the long-promised performance plan was, saying the Government had repeatedly missed deadlines and that Irish-language initiatives were waiting on it. Minister of State Joe McHugh said the five-year action plan was nearing completion and would be announced shortly.

Ó thaobh chlár oibre an Rialtais, agus go háirithe an straitéis 20 bliain, de táimid ag fanacht anois ó mhí Iúil an bhliain seo caite maidir le plean feidhmíochta. Nuair a d'ardaigh mise é, ní don chéad uair, i mí Feabhra, dúirt an tAire Stáit, Teachta McHugh, go raibh sé thar a bheith muiníneach agus dóchasach go bhfoilseofaí é taobh istigh de choicís nó trí seachtaine. B'in mí Feabhra. Seo deireadh na míosa seo agus nílimid in ann an tuarascáil sin a fheiceáil. Cá bhfuil sé? An féidir linn freagra a fháil ar cá bhfuil an plean sin, go háirithe toisc go bhfuil Bliain na Gaeilge i gceist agus go bhfuil rún ós comhair an tSeanaid inniu maidir leis an nGaeilge agus leis an ngéarchéim atá ag baint léi?

Comment on this
Joe McHugh Minister of State at the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht Fine Gael

Tá mé sásta freagra a thabhairt ar an ábhar sin. Dúirt mé ag an am go bhfuil muidne ag éirí níos cóngaraí anois leis an phlean gníomhaíoch cúig bhliain. Táimid ag éirí níos cóngaraí agus beidh fógra ann gan mhoill maidir leis sin. Má tá aon sonraí ann maidir leis sin beidh mé i dteagmháil leis an Teachta díreach.

Comment on this