We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Order of Business

Irish language action plan

Summary

Catherine Connolly demanded the long-promised five-year action plan for Irish, saying the Government had missed the deadline she was given. Minister of State Joe McHugh said the plan would be ready for Cabinet the following Tuesday and acknowledged the earlier promise had slipped.

Tá an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus an plean gníomhaíochta atá geallta ardaithe go mion minic agam agus cúpla seachtain ó shin thug an tAire Stáit a bhriathar go mbeidh an plean sin os comhair an Cabinet inniu. Seo lá na cinniúna. Cá bhfuil an plean gníomhaíochta? Táimid leath bealaigh tríd Bliain na Gaeilge 2018 agus táimid fós ag fanacht ar an bplean gníomhaíochta. Thug an tAire Stáit geallúint, dúirt sé go mbeidh sé os comhair an Cabinet inniu agus tá mé ag lorg freagra ón Taoiseach inniu, ní ón Aire Stáit. Tá seisean i gceannas agus tá plean gníomhaíochta ag teastáil go géar.

Comment on this
Joe McHugh Minister of State at the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht Fine Gael

Tá na sonraí agam. I ndiaidh an comhad a fheiceáil inné táim sásta go mbeidh an plean gníomhaíochta cúig-bliana réidh fá choinne an bhord Rialtais Dé Máirt seo chugainn agus ina dhiaidh sin beimid ag déanamh agus ag treabhadh ar aghaidh fadúda plean gníomhaíochta a fhoilsiú ina dhiaidh sin ach beidh sé réidh Dé Máirt seo chugainn agus an fáth nach bhfuil sé réidh inniu ná go mbeidh cúpla rud de dhíth agus beidh cúpla pointe de dhíth fosta. Tá an Teachta Connolly ceart go ndearna mise gealltanas go rachadh sé go dtí an bord Rialtais inniu ach d'athraigh an clár. Táimid san áit sin ach beimid amach as an mbearna baoil Dé Máirt seo chugainn le cúidiú Dé.

Comment on this