Official Languages Act amendment
Deputy Moynihan asks when the long-promised amendment to the Official Languages Act will be published and what the next step is. The Minister of State says the Bill is between his Department and the Attorney General’s office and hopes it will be published before year’s end.
Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla nó an tAcht leasaithe á phlé le fada. Tá sé geallta agus tá dianphlé déanta air le fada. Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tar éis é seo a phlé leis na heagraíochtaí éagsúla arís. Cá dtéann an tAcht as seo anois? Cathain a bheidh an tAcht leasaithe seo ag teacht chun cinn? Cad é an chéad chéim eile agus cathain a bheidh an tAcht leasaithe foilsithe?
Comment on this
Bhí mé i láthair ag an gcomhchoiste inné, mar is eol don Teachta, agus d'fhreagair mé an cheist ag an am sin. Tá an Bille sin idir mo Roinn féin agus Oifig an Ard-Aighne agus tá me dóchasach go mbeidh an Bille foilsithe roimh dheireadh na bliana.