We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation

Irish-language patronage policy

Summary

Deputy Connolly criticised the Department over compliance with Irish-language education policy and the appointment of a patron for a new school. The Minister of State replied that the patronage system had been changed and that parents now had more say, and said he would follow up with the Education Minister.

Ní dóigh liom go bhfuil aon rud san uisce ach is dóigh go bhfuil club na mbuachaillí beo bríomhar, faraor.

Is polasaí reatha an Stáit oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Tá sé sin sa straitéis 20 bliain. Faraor, in 2017 fuair an Coimisinéir Teanga nach raibh an Roinn ag teacht leis an bpolasaí sin agus gur sháraigh sí forálacha an Acht Oideachais nuair a cheap sí pátrún ar scoil nua i Marino i nDroim Conrach. Ag eascairt as na conclúidí damanta sin, sheol an Roinn Oideachais agus Scileanna litir chuig an gComisinéir Teanga i mí Aibreáin na bliana seo. Laistigh den litir gheall sí go raibh sí chun an córas a cheartú. In ainneoin an tréimhse ama atá imithe agus in ainneoin na ngeallúintí, níl an córas ceartaithe agus, níos measa fós, tá próiseas eile pátrúnachta fógartha ag an Roinn do 12 scoil an bhliain seo chugainn gan an córas a bheith ceartaithe. Tá drogall orm é a rá, ach ba cheart an próiseas a chur ar athló anois go dtí go bhfuil an córas ceartaithe.

Comment on this
Seán Kyne Minister of State at the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht Fine Gael

D'athraigh an t-iarAire, an Teachta Bruton, an polasaí ó thaobh an chóras pátrúnachta do scoileanna. Tá deiseanna anois ag tuismitheoirí a rá cad go díreach atá siad ag iarraidh ó thaobh pátrúnachta i gcomhair aon scoil nua. Beidh mé in ann teacht ar ais chuig an Teachta maidir leis an scéal is déanaí. Beidh mé ag labhairt leis an Aire, Deputy McHugh, faoi sin.

Comment on this