Árann Islands air service
Catherine Connolly asked whether the Government would keep an air service to the Aran Islands operating and whether an emergency service would be provided. The Minister of State said he expected a service from 7 December, noted meetings with local representatives, and said the State was also pursuing purchase of the airport.
Mar is eol don Cheann Comhairle, tá sé deimhnithe i gclár an Rialtais go gcosnóidh an Rialtas seo muintir na n-oileán ar fud na tíre. Sa chomhthéacs sin, baineann mo cheist le hOileáin Árann. Seachtain ón lá amárach beidh lá na cinniúna ann don aersheirbhís. Beidh deireadh léi seachtain ón lá amárach. Tá ceist dhíreach, ghonta agam. Cad atá i gceist ag an Rialtas? An mbeidh aersheirbhís ann an Aoine seo chugainn? An mbeidh seirbhís eigeandála i gceist?
Comment on this
Táim cinnte go mbeidh seirbhís ann ó 7 Nollaig. Tá a fhios agam gur ceist fhíorthábhactach do mhuintir Árainn é seo. Bhí a lán cruinnithe agam, cruinniú leis an Teachta féin ina measc. Beidh cruinniú eile dé Luain seo chugainn in oifigí na Roinne sna Forbacha le hionadaithe ó na comharchumainn in Árann. Táim cinnte go mbeidh seirbhís ar fáil. Táimid ag déanamh chuile rud chun Aefort na Mine a cheannach freisin. Táimid i dteagmháil le húinéirí Aer Arann agus le húinéirí Aerfort na Mine chun an aerfort sin a cheannach ar son an Stáit.