We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation

Irish language Bill

Summary

Deputy Moynihan asks when the promised Irish language legislation will be published and brought forward during Bliain na Gaeilge. Minister of State Kyne says work is ongoing between the Attorney General’s Office and his Department, with nine heads already sent over and the rest progressing.

Tá Acht nua na Gaeilge geallta le tamall. Tá mé féin agus mo chomhghleacaithe tar éis ceisteanna a chur arís agus arís eile le féachaint cathain a bheidh sé ullamh. Thuigeamar ón Aire i mí na Samhna go rabhthas ag ullmhú chuig na reachtaíochta, go raibh an Roinn agus an Ard-Aighne tar éis an reachtaíocht a scrúdú agus go raibh a ndícheall á dhéanamh ag na hoifigigh leis an mBille a bheith réidh roimh dheireadh na bliana. Táimid anois ag druidim le deireadh Bliain na Gaeilge. An bhfuil sé fós i gceist Bille na Gaeilge a fhoilsiú agus a thabhairt chun cinn le linn Bliain na Gaeilge? Cathain a bheidh sé ann?

Comment on this
Seán Kyne Minister of State at the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht Fine Gael

Tá an obair sin ag dul ar aghaidh faoi láthair idir Oifig an Ard-Aighne agus mo Roinn. Tá na hoifigigh ag déileáil le cuid de na cinnteidil faoi láthair. Tá naoi gcinn foilsithe ón Roinn chuig Oifig an Ard-Aighne. Tá siad ag leanacht ar aghaidh leis na cinnteidil eile.

Comment on this