Árainn air service arrangements
Catherine Connolly sought a Dáil record of the future air service arrangements for the Aran Islands. The Minister of State said the tender deadline had just passed and he would not discuss the competition before it was concluded.
Maidir le hobair an Rialtais, an féidir leis an Taoiseach nó leis an Aire Stáit a dheimhniú do thaifead na Dála cad atá i ndán don aersheirbhís do na hoileáin Árainn? Cad iad na socruithe? Tá a fhios agam go bhfuil socruithe déanta ach níl a fhios againn cad iad agus ba mhaith liom na socruithe sin a fheiceáil ar thaifead na Dála.
Comment on this
Bhí an spriocdháta don phróiseas tairisceana do na seirbhísí éigeandála go dtí na hoileáin Árainn ag 10 a.m. maidin inné agus níl mé chun aon phlé a dhéanamh ar an gcomórtas sin go dtí go bhfuil toradh air.