Official Languages Bill
Deputy Connolly complained that the new Official Languages Bill was missing from the legislative list and asked what year it would appear. The Taoiseach replied simply, and the Chair confirmed, that it would be seen this year.
Maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an Bille nua atá beartaithe, d'fhoilsíodh an príomhliosta reachtaíochta inné agus ní raibh tásc ná tuairisc ar an mBille nua. Tá sé ardaithe go mion minic. Tugadh gealltaí sollúnta dom go raibh an Rialtas ar tí an reachtaíocht sin, nó ar a laghad an Bille, a chur os comhair na Dála roimh an samhradh, tar éis an tsamhraidh, agus arís roimh an Nollaig. Ba é an t-aon bhotún a rinne mé ná níor chuir mé an cheist maidir le cén bhliain. Cén bhliain a bheidh an Bille nua le feiceáil?