We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation

HID Global relocation

Summary

Deputy Connolly raised concern that HID Global was relocating from the Gaeltacht in Indreabhán to Galway city despite Government commitments to support Gaeltacht employment. The Minister of State said it was bad news for the Gaeltacht but no jobs would be lost from County Galway and that further statements would follow.

Luaitear i gclár oibre an Rialtais go ndíreoidh an Rialtas ar chothú fostaíochta sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta agus go gcuirfear straitéis i bhfeidhm chun fás fostaíochta a leathnú amach. Luaitear é sin sa phlean gníomhaíochta, sa phlean náisiúnta, agus sa mhéid sin cáipéisí eile nach bhfuil mé in ann iad a chur in iúl anseo. In ainneoin sin, tá sé tagtha chun solais go bhfuil an comhlacht HID Global, atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta ar an Tulaigh in Indreabhán, ag athlonnú go dtí cathair na Gaillimhe. Ar lámh amháin tá an Rialtas ag rá go bhfuil an Ghaeltacht thar a bheith tábhachtach agus go bhfuil sé tábhachtach fostaíocht a chothú agus jabanna agus poist a choinneáil ó thaobh na Gaeilge agus inmharthanacht na Gaeltachta de ach, ar an lámh eile, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil áisíneachtaí an Stáit, Údarás na Gaeltachta agus an IDA, ag obair as lámh a chéile chun an comhlacht seo a mhealladh ó chroílár na Gaeltachta go dtí cathair na Gaillimhe. Tá na hAirí sinsireacha agus sóisearacha ar an eolas faoi sin. Tá gá le soiléiriú, le beart práinneach, agus le cruinniú le Teachtaí agus le muintir na háite.

Comment on this
Seán Kyne Minister of State at the Department of the Taoiseach Fine Gael

Is drochscéal é seo don Ghaeltacht ach, buíochas le Dia, tá na poist ag fanacht i gContae na Gaillimhe agus ní bheidh aon phost caillte. Tá an scéal faoin ábhar seo agus faoin gcinneadh seo fada. Beidh HID agus Údarás na Gaeltachta ag déanamh ráiteas inniu nó amárach faoi seo. Beidh mé in ann caint faoin scéal tar éis na ráiteas sin.

Comment on this