We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ An tOrd Gnó - Order of Business

Official Languages Bill

Summary

Aindrias Moynihan asks when the Official Languages Bill will progress after delays while Brexit legislation dominates the agenda. The Minister of State says there has been little progress on other legislation this year, but it will move on after 29 March.

I dtreo deireadh na bliana anuraidh, chuir mé ceist mar gheall ar Bhille na dteangacha oifigiúla. Bliain na Gaeilge a bhí ann an tráth sin. Níor deineadh dul chun cinn maidir leis an Acht sin anuraidh. Bhí an tArd-Aighne á scrúdú. Tuigim go bhfuil sé á scrúdú faoi láthair agus tuigimid go léir go mbeidh reachtaíocht maidir leis an mBreatimeacht á phlé ar feadh cúpla seachtain. An bhfuil aon ullmhúchán á dhéanamh faoi láthair chun Bille na dteangacha oifigiúla a thabhairt chun cinn? An mbeidh sé ullamh nuair a bheidh an reachtaíocht i gcomhair an Bhreatimeachta críochnaithe? An mbeimid ábalta brú ar aghaidh leis gan a thuilleadh moille ag deireadh na míosa?

Comment on this
Seán Kyne Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht Fine Gael

Mar is eol don Teachta, níl mórán dul chun cinn déanta ar aon reachtaíocht seachas reachtaíocht maidir leis an mBreatimeacht i mbliana. Is féidir leis a bheith cinnte go mbeidh dul chun cinn i ndiaidh 29 Márta.

Comment on this