We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ An tOrd Gnó - Order of Business

Brexit Bill and lost debate time

Summary

Micheál Martin supported the Brexit contingency Bill but argued that time taken by it was crowding out other business and that normal Dáil arrangements were being lost. Government speakers replied that the Bill required substantial scheduled time and was sufficiently provided for.

Aontaím leis an rún atá curtha os comhair na Dála ag an Rialtas. Táimid sásta comhaontú leis an Rialtas i gcomhthéacs an Bhille seo. Go bunúsach, tá sé i gcroílár an Bhille seo go mbeidh an tír seo réidh má fhágann an Bhreatain an Aontas Eorpach gan aon chonradh ag leibhéal na hEorpa. Is é sin an méid atá i gceist sa reachtaíocht seo. I ndáiríre, níl cúrsaí polaitíochta go speisialta i gceist anseo. Níl i gceist ach gnáthrudaí an tsaoil a choimeád slán i gcomhthéacs an Bhreatain-----

Comment on this

Tá sé sin sna leasuithe.

Comment on this

-----ag éirí as an Aontas Eorpach.

Comment on this

Tá na leasuithe ag déileáil le cearta na ndaoine - cearta saoránaigh an Tuaiscirt.

Comment on this

Is é sin an méid atá i gceist sa Bhille seo.

Comment on this

Níl suim dá laghad ag an Teachta na leasuithe sin a phlé.

Comment on this

Tá suim faoi leith agam.

Comment on this

Wait now.

Comment on this

Ba mhaith liom é seo a rá, a Cheann Chomhairle, más féidir liom. Tá suim faoi leith agam sna hábhair nach bhfuil díospóireacht againn fúthu an tseachtain seo de bharr an Bhille seo. Ní féidir linn rudaí áirithe eile a phlé sa Dáil. Mar shampla, ní bheidh aon Ord Gnó againn amárach ós rud é go bhfuilimid ag déileáil leis an mBille seo.

Comment on this

Tá na leasuithe ag déileáil leis na ceisteanna sin.

Comment on this

Tá mise ag lorg gnáthsocruithe na Dála a thabhairt ar ais, fiú agus muid ag déileáil leis an mBille seo. Caithfimid bheith ionraic agus macánta anseo.

Comment on this

Tá sé i gceist againn go mbeimid go léir sa tír seo réidh má fhágann an Bhreatain an Aontas Eorpach gan chonradh. Tá súil agam nach dtarlóidh sé sin, ach tá sé i gceist againn bheith réidh dá dtarlódh a leithéid.

Comment on this

That is precisely what our amendments sought to do.

Comment on this

Níl faic le rá ag an Teachta Martin faoinár leasuithe.

Comment on this

Tá rudaí eile curtha ar ceal faoi láthair ós rud é go bhfuilimid ag déileáil leis an mBille seo. Tharla an rud céanna an tseachtain seo caite agus tá sé ag tarlú arís inniu. Tá cúlbhinseoirí ár bpáirtí ag cailliúnt dá dheasca sin. Níl go leor ama againn i rith na seachtaine chun rudaí eile a phlé, mar go bhfuilimid ag déileáil leis an mBille seo.

Comment on this
Seán Kyne Minister of State at the Department of the Taoiseach Fine Gael

Tá cúig uaire go leith leagtha amach inniu, deich n-uaire leagtha amach amárach agus seacht n-uaire go leith leagtha amach ar an Déardaoin chun plé a dhéanamh ar an mBille um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (Forálacha Iarmhartacha), 2019. Sílim go bhfuil dóthain ama leagtha amach.

Comment on this
Division Carried

Question put: "That the proposals for dealing with today's business be agreed to."

Tá 85
·
Níl 29
·
Staon 5

Do you agree with this result?