We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions

Climate change and Brexit language

Summary

Deputy Connolly welcomed the Brexit work but warned against overly loose language, then shifted to climate change and the urgency of stronger action. The Tánaiste agreed young people and others were ahead of Government on climate and said a new minister was preparing proposals.

Tá a fhios agam gurb é scéal an lae inniu an Breatimeacht. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil éacht déanta ag an Rialtas agus ag na státseirbhísígh. Tá moladh tuillte acu ach ní mór dom a rá go bhfuil mé beagáinín buartha maidir le cé chomh scaoilte is atá an tearmaíocht atá in úsáid. Cuireann sé i gcuimhne dom réiteach eile ó 1979 - an Irish solution to an Irish problem a bhí ann - nuair a bhí cúrsaí frithghiniúna á bplé. Níos suimiúla fós, téann an frása siar go 1971 nuair a bhí an tAire, Patrick Hillery, i mbun plé faoinár mballraíocht den EEC. Tagann Tadhg an dá thaobh i gcuimhne dom. Is féidir le chuile pháirtí a rogha féin de chiall a bhaint as an gcomhaontú. Neosfaidh an aimsir.

Maidir le mo cheist inniu, le linn díospóireachta maidir leis an mBreatimeacht bhain an Taoiseach úsáid as an meafar go bhfuil na scamaill dhorcha ag teannadh linn. Is maith an rud nach bhfuil siad anois, ach tá scamaill dhorcha eile amach os ár gcomhair go meafarach agus go réadúil. Tá am na cinniúna maidir le hathrú aeráide ag teannadh linn. Tá a fhios agam go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh reachtaíochta agus ó thaobh spriocanna, ach níl muid ag baint na spriocanna sin amach. Ar ndóigh, tá na daltaí scoile ar na sráideanna an tseachtain seo ag impí orainn rud a dhéanamh. Sin anuas ar tuarascáil ón Tionól Saoránach a foilsíodh taca an ama seo bliain ó shin. Imní práinneach ó chosmhuintir na tíre beart a dhéanamh de réir ár mbriathar a bhí inti. I measc an 13 moladh sa tuarascáil sin tá moladh faoi leith ó thaobh caiteachais ar an gcóras iompair phoiblí. Moltar tús áite a thabhairt do leathnú amach a dhéanamh ar an tseirbhís seo in áit bóithre nua a thógáil. Moltar tús áite a thabhairt d'áiseanna "páirceáil agus taistil", lánaí bus, agus lánaí rothair.

Sa chomhthéacs sin ba mhaith liom díriú isteach ar mo chathair agus mo chontae féin. Faraor géar, in ainneoin áilleacht agus rathúlacht na cathrach, tá sí ag fulaingt agus ag tarraingt droch-cháile de bharr tranglam tráchta, cúrsaí tithíochta agus forbairt nach bhfuil bunaithe ar an leas coitianta. Anuas air sin, is í Gaillimh ceann de na cathracha atá luaite sa chreathlach pleanála náisiúnta le tuilleadh forbartha agus beidh méadú suntasach ar an daonra. Beidh formhór na forbartha seo laistigh den chathair. Is maith é sin agus tá sé le moladh ach, gan plean cuimsitheach inmharthanach atá dírithe ar an leas coitianta agus a aithníonn go bhfuil dúshláin faoi leith againn ó thaobh athrú aeráide de, ní bheidh muid in ann ár ndualgais dlíthiúil a chomhlíonadh. Tá tascfórsa i gceist ó thaobh cúrsaí tithíochta, ach tá plean cuimsitheach a nascann na gnéithe éagsúla le chéile - cúrsaí taistil, cúrsaí fostaíochta agus cúrsaí tithíochta - atá bunaithe ar na freagrachtaí tromchúiseacha atá orainn maidir le hathrú aeráide de dhíth.

Tá cosmhuintir na tíre chun tosaigh orainn agus is í mo cheist dhíreach, shimplí don Tánaiste ná an féidir leis an Tánaiste agus an Rialtas Gaillimh a phiocadh, agus a thógáil mar thogra faoi leith mar chathair ghlas a bheidh ina heiseamláir agus ina threoirphlean do chathracha eile sa tír? Is éard atá i gceist agam deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus díriú isteach ar phlean inmharthana do Ghaillimh agus go mbeidh córas iompair phoiblí curtha ag croílár an phlean sin, a léireoidh go bhfuilimid i ndáiríre faoi spriocanna atá leagtha síos maidir le athrú aeráide a bhaint amach.

Comment on this
Simon Coveney The Tánaiste Fine Gael

I thank the Deputy for her comments on the management of the Brexit process by the Government. I agree with what she said about climate change. Many people are ahead of the Government and this House on climate change, in particular young people. It does not surprise me that many of them will want to ensure their voices are heard on the need for the prioritisation of a more urgent response to the challenge of climate. We hear that, from a Government perspective, and that is the reason the Minister for Communications, Climate Action and Environment, Deputy Bruton, is working on an all-of-Government plan to set out the actions that must be taken by every Department and body. The plan should be ready before Easter. For the first time, we will have a climate change plan with real targets that apply to every sector. The Minister is working with colleagues across Government to develop new initiatives in electricity generation, transport, heating and a range of other sectors. That will build on initiatives that have already been introduced.

As the Deputy is aware, €116 billion of expenditure has been committed over the next ten years. Of the money we have committed to spend on capital infrastructure, one in every five euro relates to climate mitigation. We have also launched a €500 million climate action fund for the best projects that generate significant CO2 reductions. The all-party Oireachtas committee on climate change will report next week. The Government will study the recommendations closely and try to factor them into Government planning and try to get agreement on a cross-party level on many of those recommendations, which will be challenging and will pose some difficult choices for this House. We will then be tested on whether the people are ahead of us on some of the difficult choices around the value of carbon and related issues in the future.

I know Galway well, having been Minister for Housing, Planning, Community and Local Government, and traffic is a significant issue for the city. We are planning to grow the population of the city by another 50% in the next two decades. It is clear that we need to invest heavily in public transport to be able to replace the need for cars with sustainable public transport infrastructure. That is the reason we have committed a significant amount of money to the BusConnects programme for Galway, which will rationalise five high-performing cross-city routes and prioritise bus lanes as well as providing for segregated cycle lanes, which are badly needed in Galway. I will follow up on Deputy Connolly's final question when I get a chance to respond for a second time.

Comment on this