We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ An tOrd Gnó - Order of Business

Order of Business

Summary

The Government’s business for Tuesday and Wednesday was proposed and agreed, with a brief congratulatory aside before the agenda was set.

Seán Kyne Minister of State at the Department of the Taoiseach Fine Gael

Mar Phríomh-Aoire agus mar bhall den Choiste Gnó, déanaim comhghairdeas le Patricia as ucht an sárjab a rinne sí ar ár son. Go n-éirí an t-adh léi sa todhchaí.

Is mar seo a leanas a bheidh an gnó Dé Máirt: Uimh.15, tairiscint maidir leis an 23ú tuarascáil ón gCoiste Roghnóireachta; Uimh. 16, tairiscint maidir leis an ordú um ghéilleadh a iarchur, iarchur chuig coiste; Uimh. 16a, tairiscint maidir le ceisteanna parlaiminte, malartú róta; Uimh. 34, ráitis maidir leis an nGaeilge; Uimh 1, An Bille um an Dlí Sibhialta (Toimhde Báis) 2016 [Seanad], arna athrú ón mBille um an Dlí Sibhialta (Daoine atá ar Iarraidh) 2016 - an Dara Céim; agus Uimh. 8, An Bille um an mBord um Athstruchtúrú Comhar Creidmheasa (Díscaoileadh) 2019 - Ordú don Dara Céim agus an Dara Céim. Is é a bheidh i nGnó Comhaltaí Príobháideacha Uimh 215, tairiscint maidir le hospidéal náisiúnta na leanaí, arna roghnú ag an nGrúpa Neamhspleách Tuaithe.

Is mar seo a leanas a bheidh an gnó Dé Céadaoin: Uimh 217, tairiscint maidir le bochtaineacht cúrsaí, arna roghnú ag cácas parlaiminte na mban de chuid an Oireachtais; Uimh. 34a, ráitis maidir le forbairtí le déanaí i dtaobh Brexit; Uimh. 35, ráitis maidir le hathbhreithniú cliniciúil neamhspleách seachtrach ar na seirbhísí máithreachais in Ospidéal Portiuncula, Béal Átha na Sluaighe (atógáil); agus Uimh. 8. Is é a bheidh i nGnó Comhaltaí Príobháideacha Uimh. 216, tairiscint maidir le hárachas, arna roghnú ag Fianna Fáil.

Maidir leis an ngnó Dé Máirt, beartaítear: (1) go dtógfar Uimh. 15, 16 agus 16a gan díospóireacht agus go ndéanfar aon vótáil a éilítear maidir le Uimh 16 agus 16a a thógáil láithreach; (2) go ndéanfar aon vótálacha a thógfaí tráth na vótála seachtainiúla Déardaoin, an 14 Márta, a thógáil tráth na vótála seachtainiúla Déardaoin, an 28 Márta 2019; agus (3) go gcríochnófar Uimh. 34 laistigh de 85 nóiméad agus go ndéanfar na ráitis a theorannú d’aon bhabhta amháin le haghaidh Aire nó Aire Stáit agus phríomhurlabhraithe na bpáirtithe agus na ngrúpaí, nó le haghaidh comhalta a bheidh ainmnithe ina n-ionad, nach rachaidh thar deich nóiméad i ngach cás, agus tabharfaidh Aire nó Aire Stáit freagra cúig nóiméad, agus féadfaidh gach comhalta am a roinnt.

Maidir leis an ngnó Dé Céadaoin, beartaítear: (1) go dtógfar Uimh 217 in am Rialtais agus go gcríochnófar í laistigh de dhá uair an chloig, tabharfaidh tairgtheoir óráid tosaigh nach rachaidh thar 20 nóiméad agus, ina dhiaidh sin, beidh aon bhabhta amháin óráidí ann ó Aire nó ó Aire Stáit agus ó phríomhurlabhraithe na bpáirtithe agus na ngrúpaí, nó ó chomhalta a bheidh ainmnithe ina n-ionad, nach rachaidh thar deich nóiméad i ngach cás, agus cúig nóiméad le haghaidh gach comhalta eile agus tabharfaidh Aire nó Aire Stáit freagra cúig nóiméad agus féadfaidh gach comhalta am a roinnt; (2) go gcríochnófar ráitis maidir le Uimh. 34a laistigh de 110 nóiméad agus déanfar na ráitis sa bhabhta tosaigh a theorannú le haghaidh Aire nó Aire Stáit agus phríomhurlabhraithe na bpáirtithe agus na ngrúpaí, nó le haghaidh comhalta a bheidh ainmnithe ina n-ionad, nach rachaidh thar deich nóiméad i ngach cás, beidh an dara babhta de ráitis ann nach faide iad ná 25 nóiméad san iomlán le haghaidh chomhaltaí an Rialtais, Fhianna Fáil agus Shinn Féin a roinnfear i gcomhréir ar bhonn 40-40-20 faoi seach, agus tabharfaidh Aire nó Aire Stáit freagra cúig nóiméad agus féadfaidh gach comhalta am a roinnt; agus (3) go rachaidh an Dáil, ar éirí di, ar athló go dtí 2 p.m., Dé Máirt, an 26 Márta 2019.

Comment on this

There are two proposals to put to the House. Is the proposal for dealing with Tuesday's business agreed to? Agreed. Is the proposal for dealing with Wednesday's business agreed to? Agreed.

Comment on this